Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Jul 1948

Vol. 112 No. 9

Written Answers to Questions. - Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann.

D'fiafraí

den Aire Talmhaíochta an abróidh sé i dtaobh Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann cé mhéad ball atá i ngach contae faoi seach; agus cé mhéad atá i riaráiste lena scar-ghlaonna.

Tá curtha in iúl dom ag Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann gur mar leanas a bhí na figiúirí amhail ar an 31ú Nollaig, 1947:—

Contae

An méid ba chomhaltaí de Chomhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teo

An Méid Comhaltaí a bhí i riaráiste lena scair-ghlaonna

Dún na nGall

748

534

Sligeach

73

50

Muigheo

292

217

Gaillimh

902

639

An Clár

104

93

Luimneach

14

9

Ciarraighe

564

415

Corcaigh

610

446

Portláirge

134

95

Loch gCarman

183

146

Cill Mantán

179

124

Baile Átha Cliath

158

115

Lughbhaidh

63

44

An tIomlán

4,024

2,927

Is amhlaidh atá, mar cuireadh in iúl sa bhfreagra a tugadh ar cheist a chuir an Teachta an 20ú Iúil, gur féidir a rá go bhfuil tuairim 2,700 ar fad de chomhaltaí éifeachtacha ann, go bhfuil a scair-ghlaonna íoctha ag 1,100 acu sin agus go bhfuil 1,584 acu i riaráiste.

D'fiafraí

den Aire Talmhaíochta an abróidh sé i dtaobh gach contae cé mhéad inneall-bhád iascaigh a ceannaíodh nó atá ar fost-cheannach ó Chomhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann.

Tá curtha in iúl dom ag Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann gur mar leanas atá na sonraí:—

Contae

An uimhir inneall-bhád iascaigh a rinne Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann a sholáthar cheana féin dá chomhaltái ar fostcheannach:

(N.B.—Ní hárítear ach “céadeisiúna.” Ní cuirtear san áireamh aon bhád a thug comhalta ar bith suas, agus a hath-eisíodh chun comhalta eile).

Dún na nGall

62

Sligeach

5

Muigheo

3

Gaillimh

5

An Clár

Nil

Luimneach

1

Ciarraighe

35

Portláirge

4

Corcaigh

13

Loch gCarman

10

Chill Mantán

18

Baile Átha Cliath

14

Lughbhaidh

5

An tIomlán: 175

Ina theannta sin, soláthraíodh 23 innill mhótair chun iad a chur isteach i gcabhaileanna ar le seolta a hoibríti roimhe seo iad.

Ní féidir a rá cé mhéad de na báid sin atá á bhfost-cheannach, mar nach go maith is féidir an deacracht agus an mhoill a bhaineas le soláthrú cabhaileanna bád agus innill a mheas. Tá súil, ámh, roinnt eile bád a bheith in úd oibre faoi dheireadh na bliana seo (1948).

The Dáil adjourned at 10.30 p.m. until 3 o'clock on Thursday, 29th July, 1948.

Top
Share