Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Dec 1948

Vol. 113 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Staid na Gaelige sna Bunscoileanna.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an abróidh sé an bhfuil aon fhaisnéis aige le tabhairt don Dáil anois faoin scrúdú atá déanta aige faoi staid na Gaeilge sna bunscoileanna.

Do réir mar adubhras i mí na Bealtaine seo caithte le linn do mheastacháin mo Roinne-se do bheith ós cóir na Dála, cuireadh ceathrar cigirí thart ar roinnt de na bunscoileanna chun eolas áirithe a bhailiú dhom i dtaobh teagaisg na Gaedhilge. hIarradh ar na cigirí fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi a raibh an rialúchán i dtaobh úsáide na Gaedhilge ins na rannga naoínán ag oibriú amach agus le n-a chois sin taighdeadh a dhéanamh ar theagasg tré Ghaedhilge i límistéir mar a bhfuil an Béarla ina theangain teaghlaigh agus coidrimh ag na daoine uile.

Thug na cigirí cuairt ar scoileanna i gCathair Átha Cliath agus i gCathair Luimnigh, agus ar scoileanna ins na condaethe seo—Áth Cliath, Lughbhaidh, Muineachán, Cábhan, Midhe, Sligeach, Roscomán, Gaillimh, Uí Fháilghe, Tiobrad Árann, Clár, Laoighis, Cill Chainnigh—naoi scoileanna ar fhichid ar fad. Chuireadar ábhar an fhiosruithe tré chéile leis na múinteoirí i ngach scoil acu sin agus thugadar deis do na múinteoirí a chur in iúl cé na constaicí atá san tslí orthu agus cé mar atá ag éirghe leo duanghaois na Roinne i dtaobh na Gaedhilge do thabhairt chun críche ins na scoileanna.

I gcás úsáide na Gaedhilge ins na rannga naoínán ba léir ón tuarascáil a chuir na cigirí isteach go mbíodh sé andian ar na múinteoirí agus ar na daltaí san nGalldacht Rialúchán na Roinne do choimhlíonadh, go deimhin bhí sé comh dian sin gur beag scoil ina gcoimhlíontaí ina iomláine é. Dá bhrí sin, rinneadh athrú beag ins na Nótaí atá ag gabháil le Clár na Naoínán. Sé bhí ins na sean-nótaí "Is i nGaedhilge a déanfar an obair go léir i mbuidheanta na Naoínán má's leor chuige cáilíocht na Múinteoirí". Sé tá ins na nótaí nua "I ngach scoil ina bhfuil dóthain cáilíochta chuige acu, sé an aidhm is ceart a bheith ag na múinteoirí an pointe a shroisint, chomh luath agus is féidir é, ina bhféadfaí an Ghaedhilge amháin a úsáid san naí-scoil mar theangain choidrimh agus theagaisg". De thoradh an athruithe sin beidh rialúchán na Roinne agus an rud a thárluíonn dárírí ins na scoltacha ag teacht le chéile thar mar bhíodh roimhe seo. Le cois an athruithe bhig sin, tá cead anois Béarla do bheith ar siúl ar feadh leath-uaire a' chluig sa ló i scoil ar bith ina dteastuíonn ón mBainisteoir an scéal do bheith amhlaidh.

I gcás an teagaisg tré Ghaedhilge ins na rannga eile, thug na cigirí eolas antábhachtach dom ina dtuarascáil, ach ní mheasaim gur gá éinní a dhéanamh faoi'n taobh sin den obair go fóill.

Top
Share