Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Mar 1949

Vol. 114 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oidí Bun-Scoile i mBaile Atha Cliath.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an ineosaidh sé an uimhir d'Oidí Bun-Scoile, idir ban-mhúinteoirí (tuataigh) agus mná rialta, fearmhúinteoirí (tuataigh) agus Bráithre, a bhí ag múineadh i Líomatáiste Chathair Bhaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mhárta, 1947, 1948 agus 1949, faoi seach, nó ar an dáta is gaire dhó.

Níl faisnéis ar fáil i gcóir an lú Márta, 1949, go fóill, ach tá na figiúirí i gcóir 28 Feabhra, 1949, tugtha ina n-ionad. Ní bhaineann na figiúirí seo, áfach, ach amháin le oidí ar an bhfoireann riachtanach sna scoileanna. Clóbhuailfear na figiúirí sa Tuairise Oifigiúil.

Seo leanas na figiúirí:—

Oidí ag fónamh ar

Fear-Mhúinteoirí (Tuataigh)

Ban-Mhúinteoirí (Tuataigh)

Bráithre

Mná Rialta

1/3/47

411

852

121

323

1/3/48

409

845

123

315

28/2/49

416

862

125

310

Top
Share