Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Apr 1949

Vol. 115 No. 1

Written Answers. - Athshocrú Gabháltas.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte cé mar atá an scéal faoi láthair i dtaobh athshocrú na ngabháltas in Iomaidh agus in Eachros ar Dhúiche Eyre.

Tá athshocrú na ngabháltas in Oileán Iomaidh agus in Eachros ar Dhúiche Eyre, Uimhir, S. 5761, Conndae na Gaillimhe, idir lámha fé láthair ag Coimisiún na Talún.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte cé mar atá an scéal faoi láthair i dtaobh athshocrú na ngabháltas ar Dhúiche na mBlácach Mionúr, Condae na Gaillimhe.

Tá rún ag Coimisiún na Talún ceist ath-shocruithe na ngabháltas ar Dhúiche na mBlacach Mionúr, Uimhir S.5767, Conndae na Gaillimhe, d'infhiúchadh chomh luath agus is féidir. Tá tuairim agus 360 gabháltais 'sa dúiche seo agus tá a fhios ag Coimisiún na Talún go bhfuil ath-shocrú de dhíth ar chuid mhór aca. Ní féidir a rá, ámhthach, cá h-uair a tosnóchar ar an obair.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte an bhfuil Coimisiún na Talún chun athshocrú a dhéanamh go luath ar Dhúiche an Bhláca, i mBaile Dhubh Locha, Corr Na Móna; agus an bhfuil a fhios aige go bhfuil fiche tionónta ar an mbaile sin á iarraidh.

Tá a fhios ag Coimisiún na Talún go bhfuil gabháltais i mBaile Dhubh Locha ar dhúiche an Bhláca, Conndae na Gaillimhe, a bhfuil ath-shocrú de dhíth ortha. Tá rún aca an scéal a bhrathnú chomh luath agus is féidir ach ní thig leó a rádh cá h-uair a bhéas sé ar a gcumas na gabháltais d'ath-shocrú.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte cén uair a tosófar ar athshocrú na ngabháltas i gCoill Sáile, Conamara ar Dhúiche Mhairéad Ní Loingsigh.

Tá rún ag Coimisiún na Talún ceist ath-shocruithe na ngabháltas i gCoill Sáile ar Dhúiche Mháiréid Ní Loingsigh, Uimhir S.3628, Conndae na Gallimhe, d'infhiúchadh chomh luath agus is féidir.

Top
Share