Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Jul 1949

Vol. 117 No. 3

Written Answers. - Postanna Poibli i gContae na Gaillimhe.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an abróidh sé, i dtaobh postanna a chaitheas a theacht faoi bhráid An Choimisiúin Um Cheapacháin Aitiúla agus faoina bhráid fhéin le haghaidh a líonta, cé mhéad acú, i gContae na Gaillimhe, atá folamh ar feadh tréimhse is mó ná sé mhí; agus, más ann dóibh, cén uair a meastar a líonfar iad.

Aire Rialtais Aitiúil (Micheál Mac Aoidh)

Ní fios dom go bhfuil aon oifig i gContae na Gaillimhe atá folamh ar feadh tréimhse is mó ná sé mhí gur mise an tAire oiriúnach in a taobh agus a chaitheas a theacht faoi bhráid an Choimisiún Um Cheapacháin Áitiúla chun a líontá.

D'fhiafraigh

den Aire Sláinte an abróidh sé, i dtaobh postanna a caitheas a theacht faoi bhráid An Choimisiúin Um Cheapacháin Aitiúla agus faoina bhráid fhéin le haghaidh a líonta, cé mhéad acú, i gContae na Gaillimhe, atá folamh ar feadh tréimhse is mó na sé mhí; agus, más ann dóibh, cén uair a meastar a líonfar iad.

Na poist seo a leanas i gContae na Gaillimhe atá os comhair an Choimisiúin um Cheapacháin Aitiúla chun molta a dhéanamh ina leith tá siad folamh os cionn sé mhí: Cigire Sláinte, Dochtúir Oifigiúil, Ceantar Iclainne Inis Bó Finne; Dochtúir Oifigiúil, Ceantar Iclainne Oráin Mhóir; dhá oifig Radioghrafaí sa Phríomh-Ospidéal, Gaillimh; Freaplia sa Phríomh-Ospidéal Gaillimh; agus. Bean Tí in Ospidéal Meabhar-Ghalar Ceantair Bhéal Átha na Sluagh.

Tá súil ann gur gearr go líonfar na hoifigí sin go léir cé is moite d'oifig an Fhreaplia sa Phríomh-Ospidéal, Gaillimh, agus post na Mná Tí in Ospidéal Meabhar-Ghalar Ceantair Bhéal Átha na Sluagh. Tar éis fógraíochta a dhéanamh ar lorg iarratas ag iarraidh oifige an fhreapleá ní raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúla i gcumas duine a mholadh chun a cheaptha. Tá beartaithe an post d'fhógairt arís agus tá súil ann go gceapfar duine taobh istigh de cheithre mhí. Bhain deacracht le hiarrthóirí oiriúnacha cáilithe d'fháil do phost na Mná Tí in Ospidéal Meabhar Ghalar Ceantair Bhéal Átha na Sluagh. Tá breithniú á dhéanamh im Roinn-sa maidir le téarmaí agus coinníollacha an phoist sin d'athrú. Tá súil ann gur gearr go ndéanfar cinneadh maidir leis.

Tá oifig an Dochtúra Oifigiúil don Cheantar Iclainne an Chlocháin agus oifig an Dochtúra Oifigiúil d'Ospidéal Ceantair an Chlocháin folamh le breis is sé mhí. Tá an dá oifig sin cónasctha anois agus cuirfear an scéal faoi bhráid an Choimisiúin um Cheapacháin Aitiúla go luath chun moladh a dhéanamh.

Níl aon oifigí folamh os cionn sé mhi ar gá mo thoilrú-sa chun iad a líonadh ach nach gá a gcur faoi bhráid an Choimisiúin um Cheapacháin Aitiúla.

Top
Share