Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Nov 1949

Vol. 118 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Deontas Cúig Puint.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cé mhéid páistí i ngach Gaeltacht, sna blianta dar chríoch an 31ú Márta, 1945, agus an 31ú Márta, 1949, a raibh an deontas chúig puint á íoc lena dtuismitheoirí i dtaobh gurbh í an Ghaeilge gnáth-theanga a dteaghlach.

Is i leith na scoil-bhliana dar críoch 30ú Meitheamh a híoctar an deontas £5 le tuismitheoirí sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht go bhfuil na coinníollacha iomchuí comhlíonta ag a gcuid páistí. Sa bhliain 1944/45 b'iad na teoranna aoise a bhí i bhfeidhm, 6 bliana go 14 bliana, agus ní raibh i dteideal an deontais d'fháil ach scoláirí bun-scoile amháin: sa bhliain 1945/46 agus ins na blianta ina dhiaidh san síníodh an uas-teora aoise go dtí 16 bliana agus bhí an deontas indíolta i leith scoláirí lae a bhí ag freastal ar bhun-scoil, nó ar ghairmscoil nó ar mheán-scoil sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht agus go raibh na coinníollacha eile comhlíonta acu. Seo leanas uimhir na bpáistí (1) gur híocadh an deontas £2 lena dtuismitheoirí ar a son i leith na scoil-bhliana 1944/45 (2) gur híocadh an deontas £5 lena dtuismitheoirí ar a son i leith na scoil-bhliana 1947/48—an scoil-bhliain is deireannaí go bhfuil tuairisc iomlán ar íoc an deontais ar fáil.

Scoil-bhliain

Scoil-bhliain

Gaeltacht

1944/45

1947/48

Ulaidh

3,414 páistí

3,576 páistí

Connachta

4,993 páistí

5,330 páistí

Mumhan

1,139 páistí

1,316 páistí

Laighin

83 páistí

64 páistí

Top
Share