Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 30 Nov 1949

Vol. 118 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna Nua i gCiarraighe.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an ndéarfaidh sé cad iad na cheithre scoileanna atá le tógaint i gCiarraighe go bhfuil deontaisí ceadaithe dhóibh agus a tógfar i gcionn tamaill bhig; cad iad na hocht gcinn go bhfuil suímh tairgthe ina gcóir agus go bhfuil fiosrúchán ar siúl i dtaobh (a) oiriúnacht na suíomh dóibh, (b) gnóthaí áirithe dlí faoi theideal na suíomh, agus (c) an méid slí is cóir a chur ar fáil sna scoileanna do na daltaí; agus cad iad na naoi gcásanna eile nár tairgeadh na suímh go fóill ina gcóir.

Siad na ceithre scoileanna i gContae Chiarraighe go bhfuil deontaisí tógála ceadaithe dhóibh agus go bhfuil súil agam go dtoanófar ar na foirgintí do thógáil i gcionn tamaill bhig ná:—

(1) Scoil Náisiúnta Túirín Cathail, Ráth Mhór; (2) Scoil Náisiúnta Cuileannach, Lios an Phúca, Cill Áirne; (3) Scoil Náisiúnta Cníomh-go-leith, Ráth Mhór; (4) Scoil Náisiúnta an tSrón, Ráth Mhór.

Siad seo a leanas na hocht scoileanna go bhfuil suimh le haghaidh scol nua tairgthe ina gcóir agus go bhfuil fiosrúcháin ar siúl i dtaoibh (a) oiriúnacht na suíomh (b) gnóthaí áirithe dlí fá thiodal na suíomh agus (c) an méid slí is cóir a chur ar fáil insna scoileanna do na daltaí:—

(1) Scoil Náisiúnta Gleann Beithe B. agus C., Cill Áirne; (2) Scoil Náisiúnta Cathair, Neidín, Cill Áirne; (3) Scoil Náisiúnta Doire Liath An tSnaidhm, Cill Áirne; (4) Scoil Náisiúnta Cill Eathan, Mainstir ó dTórna, Traighlí; (5) Scoil Náisiúnta Tearmann, Tairbeart; (6) Scoil Náisiúnta Ráth a' Mhearathail, An Tóchar, Traighlí; (7) Scoil Náisiúnta Baile na hEaglaise, Tráighlí; (8) Scoil Náisiúnta Mínte Óga, Lios na gCeann, Cill Áirne.

Siad na naoi geásanna eile nár tairgeadh suímh go fóill ina gcóir ná:—

(1) Scoil Náisiúnta Baile an Crosaigh, an Tóchar, Tráighli; (2) Scoil Náisiúnta Doirin, Cill Áirne; (3) Scoil Náisiúnta Leitir, Neidín, Cill Áirne; (4) Scoil Náisiúnta Rosachuasáin, Neidín, Cill Áirne; (5) Scoil Náisiúnta Dromcloch, Leac Snámhach; (6) Scoil Náisiúnta. Fadhbach, Caisleán na Mainge; (7) Scoil Náisiúnta Na Snadhma (Cailíní), Snaidhim, Cill Áirne; (8) Scoil Náisiúnta Béal (1), Baile an Bhuinneánaigh; (9) Scoil Náisiúnta Leac Snamhach, Leac Snamhach.

Top
Share