Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Mar 1950

Vol. 119 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle Oideachais.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an ndéarfaidh sé cé mhéid duine atá beartaithe aige a chur ag an gComhairle Oideachais, an bhfuil cuireadh faighte ag daoine áirithe uaidh chun bheith ina mbaill den Chomhairle agus má tá, an ndéarfaidh sé (a) cé mhéid duine go bhfuil an cuireadh faighte acu agus (b) cé mhéid díobh sin go bhfuil glactha leis an gcuireadh acu agus fós cad é an gradam atá ag na daoine sin maidir le cúrsaí oideachais agus an bhfuil socair aige roinnt tuismitheoirí a chur ar an gComhairle sin nó an ndéarfaidh sé cathain a chuirfidh sé ráiteas amach i dtaobh na scéime ar fad.

Táim le tamall anall ag gabháil do na gnóothaí agus na socruighthe a bhaineann le bunú na Comhairle Oideachais. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas ráiteas a chur amach i dtaobh na scéime ar fad roimh dheire na míosa so. Gach eolas atá dá iarraidh ag an Teachta anois beidh sé le fáil sa ráiteas san.

Top
Share