Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Mar 1950

Vol. 119 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Cló Rómhánach.

D'fhiafraigh

Seán Ó Duinn

den Aire Oideachais an bhféachfaidh sé chuige, ós rud é gurb é claonadh na nuachtán agus na dtréimhseachán agus mórán de lucht scríofa na Gaeilge úsáid a bhaint oiread agus is féidir as an gcló Rómhánach, go ndéanfar cuid éigin d'ábhar na leabhar Gaeilge le haghaidh ard-ranganna na mbunscoil agus le haghaidh na meánscoil a chur sa chló Rómhánach feasta chun taithí a thabhairt do na daltaí scoile ar an nGaeilge a léamh sa chló sin.

Mar is eol don Teachta, tá litriú nua caighdeánach tar éis teacht i bhfeidhm i gcóir leabhar scoile, agus ba leor go fóill an saothar ar na páistí teacht isteach ar an litriu san gan cló ná fuil taithí acu air a chur siar orthu ins an am chéanna.

Rud eile dhe, ní heol dom go bhfuil aon éileamh ag na Bainisteoirí ná ag na múinteoirí ar an gcló Rómhánach do bheith ins na leabhra scoile.

Nuair a bheid taithí maith ag na páistí ar an litriú nua sa gcló Ghaelach, beidh sé luath go leor annsan a bhreithniú ar cheart an dara cló, sé sin, an cló Rómhánach, a chur in úsáid, ach fé mar tá an scéal ins na scoileanna fé láthair, is é mo thuairim nach maitheas ach díobháil a dhéanfadh sé dhá chló bheith le foghlaim ag na páistí.

Mar gheall air sin uile, níl sé ar intinn agam a mholadh go gcuirfí an cló Rómhánach á úsáid i leabhra na n-árdrang ins na bunscoileanna ná i leabhra na meánscol.

Top
Share