Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 18 Apr 1950

Vol. 120 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Aois Fágála Scoile.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé ar mhol sé nó an molfaidh sé don Rialtas an aois fágála scoile d'ardú agus cad é beartas an Rialtais ina thaobh sin.

Níl aon mholadh déanta agam don Rialtas fén aois fágála scoile d'árdú. Go dtí go mbeidh an cheist scrúduithe go hiomlán ó thaobh oideachais, géilleagair agus airgeadais ní bhéinn in ann aon mholadh do dhéanamh agus ní bhéadh sé ar chumas an Rialtais teacht or aon bhreith chinte ina thaobh.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé cé mhéid daltaí bunscoile a chríochnaigh a saol scoile in aois 14 bliana, nó idir 14 agus 15 bliana d'aois, sna trí bliana scoile is déanaí a bhfuil figiúirí le fáil ina dtaobh; agus an abróidh sé freisin cé mhéid díobh siúd a bhí ag freastal scoile i gcathair Bhaile Atha Cliath.

'Sé uimhir na ndaltaí a d' fhág Scoileanna Náisiúnta ar shroisint 14 bliana dhóibh do na scoil-bhlianta dár chríoch 30 Meitheamh, 1948, agus 30 Meitheamh, 1949, ná 32,288 agus 32,748 fá seach. Tá áirmhthe ins na figiúirí sin, 4,381 agus 4,699 do Chathair Bhaile Átha Cliath, ins na blianta úd fá seach.

Ní féidir a rá cé mhéid de na daltaí sin a chríochnaigh a saol scoile nó cé mhéid díobh a chuaidh isteach i MeánScoileanna, i gCeárd-Scoileanna nó i scoileanna speisialta eile.

Tá súil agam gur leor leis an dTeachta an teolas san thuas i gcóir an dá bhlian.

Top
Share