Tairgím:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £736,330 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951, chun Meán-Oideachais, lena n-áiritear Deontas Tuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceanntsraithe, Breis-Thuarastal do Mhúinteoirí Meán-Scoile agus Deontas do Chiste Pinsin na Meán-Mhúinteoirí.
Do glacadh leis an tairiscint.