Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Apr 1950

Vol. 120 No. 9

Written Answers. - Tithe Gloine i gConamara.

D'fhiafraigh

den Aire Talmhaíochta an abróidh sé maidir le Scéim na dTithe Gloine i gConamara i séasúr 1949 (a) céard é an meán-toradh trátaí an teach; (b) cén meán-luach díola a fuarthas; agus (c) céard é an teacht isteach glan an teach.

Sé seo leanas an t-eolas atá á lorg ag an dTeachta maidir le Scéim na dTithe Gloine i gConamara sa séasúr 1949:—

(a) Bé meán-toradh trátaí ná 21 chéadmeáchaint an teach.

(b) Bé meán-luach díola a fuarthas, taréis coimisiún an conrathóir margaíochta a bhaint de, ná £77 1s. 6d. an teach.

(c) Bé teacht isteach glan ná £50 2s. 2d. an teach (meán-fhigiúir).

Top
Share