Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 May 1950

Vol. 121 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cainteóirí Dúchais agus Foclóir Gaeilge.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an feasach dó go raibh fógra sna páipéir ar na mallaibh ag iarraidh cainteoirí dúchais ó Ghaeltacht Chiarraighe agus ó Ghaeltacht na Gaillimhe le foclóir Gaeilge a chur i gcionn a chéile agus nach raibh iomrá nó iarraidh ar chainteoirí dúchais ó Chúige Uladh, an áit is láidre agus is bríomhaire an teanga san am i láthair, agus an ndéanfaidh sé an dearmad seo a leigheas.

Bhí fógra ins na páipéirí le déanaí ag iarraidh cainteoirí dúchais as Corcaí, Ciarraí agus Muigheó i gcóir obair an Fhoclóra.

Níl aon fhaillí á thabhairt, áfach, i nGaeilge Thír Chonaill ins an obair sin. Is amhlaidh atá údar ana-cháiliúil ó Thír Chonaill ar fhoirinn an Fhoclóra ó thosach, agus níl i gceist ins an bhfógra úd ach cainteoirí dúchais as Corcaí, Ciarraí agus Muigheó a chur in ionad na ndaoine as na condaethe sin a bhí ar an bhfoirinn go dtí seo agus atá tar éis éirí as an obair.

Top
Share