Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jun 1950

Vol. 121 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceist Scriofa. Oifig Phosta do Chonnemara.

D'fhiafraigh

den Aire Post agus Telegrafa an feasach dó go bhfuil oifig phosta de dhíth ar mhuintir Chámais, Conamara, agus an bhféachfaidh sé chuige go n-iniúchfar call an cheantair leis an áis sin.

Is oth liom nach leor an méid gnótha a déanfaí in oifig phoist i gCamus chun dul i gcostas oifig a bhunú agus a chiméad ar siúl, go mór mhór ós rud é go bhfuil cailliúint trom ag baint leis an seirbhís poist sa dúthaigh.

Top
Share