den Aire Oideachais an dtig leis a rá cén uair a tosnófar ar thógáil na scoile gairm-oideachais ar an gCloich Bhric, Contae na Gaillimhe.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Gairm-Oideachais i nGaillimh.
D'fhiafraigh
Ní féidir liom a rá cathain a tosnófar ar an scoil Ghairm-Oideachais a thógaint ar an gCloich Bhric, i gCo. na Gaillimhe. Thugas cead don Choiste ar an dara lá déag de mhí Mheithimh, 1950, tairiscintí do lorg ó chonnrathóirí chun an scoil seo do thógaint, ach níor tháinig aon rún chugham fós ór gCoiste ag beartú glacadh le tairiscint i gcóir na h-oibre.