Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 13 Mar 1951

Vol. 124 No. 11

Bás an Teachta Seosamh Ó Mongáin.

Ní foláir nó chuala comhaltaí an Tí cheana féin an drochscéala go bhfuil an Teachta Seosamh O Mongáin tar éis bás d'fháil, go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Cé go raibh sé ag cailleadh na sláinte le scathamh anuas, ní raibh súil lena bhás agus is mór an bhris dúinn é. Duine lách, cneasta, carthannach dob ea é, agus níl teachta sa Teach seo nach cúis bróin dó a bhás. Is mór an chailliúint é do lucht a dháilcheantair; aireoidh siad uathu go mór é mar d'oibrigh sé go dícheallach dúthrachtach ar a son, agus is mór an lán a rinne sé dhóibh le fada de bhlianta.

Sa bhliain 1927 (naoi gcéad déag fiche a seacht) a céad-toghadh an Teachta O Mongáin chun an Tí seo, agus bhí sé ina Theachta do Ghaillimh Thiar nuair a fuair sé bás. Gaeilgeoir líofa a bhí ann a raibh grá agus gean aige ar a theanga dhúchais. Is annamh a labhair sé, má labhair sé riamh, aon teanga ach an Ghaeilge sa Tigh seo. Bhí suim an-mhór aige i ngach rud a bhain le talmhaíocht agus iascach, agus i ngach ní eile a bhain leis an nGaeltacht. Bhí sé ina chomhalta de Chomhlucht Iascaigh Mhara na hÉireann, agus de Chumann Lucht Cuarda na hEireann freisin.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, cómhbhrón Dháil Éireann a chur in iúl dá bhaintrigh.

Deputies rose in their places.

Top
Share