Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Jul 1951

Vol. 126 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teachtaí Parlaiminte na Sé Chontae.

D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhféadfadh sé a inseacht fós cén dúnghaois nó leagan amach atá aige faoi theachtaí parlaiminte na Sé Chontae a ligean isteach i nDáil Eireann.

Is eol do chách go mbeadh áthas orainn uile na hionadaithe a toghadh sna Sé Contaethe—iad go léir—a bheith anseo i nDáil Eireann, ach, an fhaid atá na sé Contaethe gan bheith faoi dhlínse éifeachtúil an Oireachtais, is dóigh liom nach mbeadh ann ach taibhsiú gan tairbhe ionadaithe corra ón límistéir sin a ligean isteach. Níor thaispeáin éinne fós go mba chabhair dá laghad é chun an teora a dhíchur.

Ar an taobh eile dhe, tá cúiseanna tromaí áirithe ina aghaidh. B'ionann é agus ionadaíocht agus cumhacht a bheith acu gan freagarthacht a bheith orthu.

Os dócha go mbeidh an scéal á phlé sa díospóireacht ar an Meastachán do Roinn an Taoisigh i gceann cupla seachtain, b'fhearr liom go bhfanfadh an Teachta go dtí sin chun léiriú níos iomláine d'fháil ar mo thuairimí i dtaobh na ceiste seo ar fad.

An bhfuil sé socraithe go mbeidh cead againn an cheist a chur fé dhíospóireacht nuair a bheidh Meastachán an Taoisigh ar siúl?

Chomh fada is a bhaineas liomsa, beidh.

Top
Share