Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Jul 1951

Vol. 126 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceard-Scoil do Thogáil Sa Spidéal.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén chaoi a bhfuil an scéal faoi láthair maidir leis an gceard-scoil atáthar ag brath a dhéanamh sna hAille, an Spidéal, agus a bhfuil géarghá léi, agus an bhféadfadh sé a inseacht cá fhaid go dtosófar uirthi.

Sé an chaoi a bhfuil an scéal faoi láthair i gcás na scoile atá i gceist ag an Teachta go bhfuil suíomh ceannaithe le n-a haghaidh ag Coiste Gairm-Oideachais Chontae na Gaillimhe le breis agus bliain. I ngeall ar mhalairt tuairmí bheith ann faoi'n gcaoi a mbudh cheart Alt a 103 d'Acht a 1930 do chur i bhfeidhm sa chás seo, níor bhféidir aon dul-ar-aghaidh eile a dhéanamh go fóill. Ach tá iarrtha orm éisteacht le toscaireacht ón gcoiste faoi'n scéal agus tá socair agam déanamh dá réir sin go luath.

Nuair a thiocfaidh an toscaireacht, ní fheadar an ndéarfadh an tAire leo go bhfuil suíomh agus cead agus airgid faighte cheana chun scoil do thógáil in Oileáin Arann agus go bhfuil an coiste a déanamh faillí san obair sin, cé gur tugadh an t-airgead dóibh í Mí Samhna ghabh tharainn. B'fhéidir go n-iarrfadh an tAire ar an gcoiste dul ar aghaidh leis an scoil sín in Arann gan tuille moille.

Tá a fhios san agam, ach ní haon díobháil an cheist eile a phlé.

Top
Share