Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Nov 1951

Vol. 127 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Suidheaimh Aras an Gharda, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

D'fhiafraí

den Aire Leasa Shóisialaigh an bhfuil fhios aige go bhfuil Aras an Gharda, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, 7 míle ó Ros a' Mhíl, 10 míle ó Dhoire Coill agus 15 mhíle ó Sheana Phéistín; go mbíonn aistir ó 14 mhíle go 30 míle ar dhaoine sna ceantair sin más áin leo an Cúnamh Dífhostaíochta a tharraing; agus an gceapfaidh Sé ionad deimhnithe i Ros a' Mhíl le haghaidh na ndaoine sin.

Ní tugtar áird do cheist d'ionad deimhnithe spesialta do bhunú i leith lucht dífhostaíochta a bhfuil cónaí ortha aistear fada ón Oifig Áitiúil is goire dhóibh ach amháin i gcasanna fíor-annmha agus annsan nuair a bheadh sé ró dhian ar iarratasóirídul go dtí Stáisiúin an Gharda. Níl Ros-a-Mhíl ach cúig mhíle ó Stáisiúin an Gharda ag Indreabháin. Níl aon iarratasóirí in aon chur ag cruthú fianaise dífhostaíochta ó Sheana Pheistín agus níl ach seacht iarra tasóirí ag síniú ó Dhoire Coill. Dá mba indéanta féin ionad deimhnithe do bhunú dos na daoine seo atá na gcónaí thar sé mhíle ba ró mhór an costas a rachadh leis agus a luighead iarratasóirí atá ann.

Top
Share