Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Mar 1952

Vol. 130 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tógailt Scoileanna.

D'fhiafraig

den Aire Oideachais cad í an bhliain idir 1942 agus 1952 inar tógadh au uimhir is mo de scoileanna agus an uimhir sin a ra.

San bhliain dar chríoch 30 Meitheamh, 1950, do críochnaóidh 56 bun-scoileanna nua. Sin é an méid is mó a críochnaíodh in aon bhliain ón mbliain dar chríoch 30 Meitheamh, 1942, go dtí an bhliain dár chríoch 30 Meitheamh, 1951.

Níl faisnéis iomlán ar fáil go fóill fé'n méid scol a críochnaíodh ón gcéad lá de mhí Iúil, 1951, i leith.

Tá súil agam go bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil 460 scoileanna ag teastáil sa tír ar fad faoi láthair.

Ba mhaith liom fháil amach an dtuigeann an tAire go gcaithfidh an Rialtas dúngaois, leagan amach nó socrú a dhéanamh le haghaidh scoileanna nua a chur suas níos sciopaithe ná mar atá siad ag déanamh faoi láthair.

Is dócha go dtuigeann an tAire go mbeidh an slua mór páistí atá ag freastal ar na scoileanna uafásacha seo anois fásta suas sar a mbeidh na scoileanna seo ar fáil.

Sin ceist eile.

Tuigim go bhfuil an uimhir sin ar a luighead, de dhroch scoileanna againn agus táim ag iarraidh scéim do cur i bhfheidhm chun freastal ar an obair níos éifeachtamhla.

Top
Share