Tá a fhios agam go bhfuil brón agus méala ar gach Teachta anseo faoi bhás an Teachta do Phortláirge, Bean an Réamonnaigh—ar dheis Dé go raibh a hanam.
Bhí sí ina comhalta den Dáil le fiche bliain beagnach. Toghadh í an chéad uair sa mbliain 1933 in ionad a fir chéile, an Captaen Liam Réamonn, agus do hatoghadh in gach toghchán ó shoin í.
Bhí baint fhada aici mar sin le saol náisiúnta na tíre agus ba mhór aici i gcónaí leas an phobail. Bhí sí fíriúil, díograsach i mbun a dualgas agus ba dhea-shompla dúinn go léir í lena rialta a ghníodh sí freastal ar an Teach seo, agus léiríodh sí a tuairimí le misneach agus le dúthracht nuair a labhraíodh sí anseo.
Bean chaoin, shéimh ba ea í. Nuair a tháinig sí anseo ar dtús bhí sí i mbarr a hóige, agus le déanaí féin bhí gach aon chosúlacht ann go raibh mórán blianta eile i ndán dí nuair a sciob an bás leis í. Bhí meas again go léir uirthi agus aireoimid uainn go mór í.
Iarraim ort, a Cheann Comhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá muintir.
Deputies rose in their places.