Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 May 1952

Vol. 131 No. 9

Bás Teachta.

Beidh brón ar chomhaltaí na Dála a chlos go bhfuil Pádraig Ruithléis, Teachta do Mhuigheo Thuaidh, tar éis bháis. I bhfochair Dé go raibh sé.

Ón uair a bhí sé ina ógfhear ghlac sé páirt ghníomhach sa troid ar son na saoirse. Dlúth-chara do Sheán Mac Diarmada ba ea é. Chónaigh sé ar fea tamaill mhaith in aon-tseomra leis agus is minic a théadh sé ar theachtaireachtaí uaidh chuig Tomás Ó Cléirigh, Pádraig Mac Piarais, Tomás Mac Donnchadha agus treoraithe eile de chuid Cásca na bliana 1916.

Cheangail sé go luath sna hÓglaigh agus throid sé in aghaidh na Sasanach agus ar thaobh na Poblachta go dtí an Sos Comhraic deiridh. Bhí sé ina chomhalta de Shinn Féin ón mbliana 1917. D'oibrigh sé go dícheallach ag bunú Cúirteanna na Poblachta san Iarthar. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Bhaile Bhéal an Átha ó 1919 go 1932, agus ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Mhuigheo ó 1922 go 1926.

Sa mbliain 1921 toghadh é ina Theachta Dála, agus bhí sé ina Theachta do cheann de Dháilcheanntracha Mhuigheo ó shoin. Bhí sé ina Aire Tailte agus Iascaigh sa mbliain 1932 ar fea bliana; ina dhiaidh sin ina Aire Dlí agus Cirt go 1939; agus ina Aire Rialtais Aitiúil agus Sláinte Poiblí go 1941.

Saighdiúir tréan, riarthóir cumasach agus dlíodóir cliste—ní raibh éinne sa nglún seo is dílse a d'oibrigh ar son na hÉireann. Cé go raibh ealaing choirp air le triocha bliain, d'fhuiling sé í go misniúil foighdeach.

Fear séimh, subháileach, neamhurchóideach, ionraic, ba ea é agus cara dhílis seasmhach. Rinne sé a chuid oibre go ciúin agus go éifeachtach. Ba chúis mórtais do chine Gael a leithéid i saol poiblí na tíre. Ní hionadh go raibh meas agus cion ag daoine i gcéin agus i gcóngar air. Aireofar a bhás go mór sa Dáil agus sa tír. Sinne a raibh aithne agus caidreamh air leis na blianta fada táimid trom-chroítheach ina dhiaidh. Mairfidh a chuimhne againn go héag.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá bhaintrigh agus dá mhuintir.

Deputies rose in their places.

The Dáil adjourned at 3.20 p.m. until 3 p.m. on Tuesday, 13th May, 1952.

Top
Share