Ba mhairg le comhaltaí na Dála a chlos, le linn an tsosa, go raibh an Teachta Ailfrid Óg Ó Broin tar éis bás d'fháil; i bhlaitheas Dé go raibh a anam.
Toghadh an Teachta Ó Broin den chéad uair sa bhliain 1937. Bhíodh sé i láthair go rialta agus chomhlíon sé a dhualgais mar Theachta go fíor-dhúthrachtach. Chomh maith le bheith ina Theachta Dála, bhí sé ar feadh seacht mbliana ina Sheanóir ar Bhardas Bhaile Atha Cliath, agus annsin chuir sé suim mhór i ngach ní a bhain le cúrsaí rialtais áitiúil a chathrach dúchais.
Ba dhuine séimh lách é, agus bhí cion agus gean dá réir ag gach aon Teachta sa Teach air. Tá fhios agam gur trua le gach aon duine é d'fháil bháis i mbláth a shaoil.
Iarraim ortsa, a Cheann Comhairle, comhbhrón díochrach Dháil Éireann a chur in iúl dá ghaolta.
Deputies rose in their places.