Iarraim, a Cheann Comhairle, chead dom Rúnaí Parlaiminte ráiteas faoi bhás an Teachta Tomás Ó Braonáin a léamh thar mo cheann.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bás Teachta.
Ba chúis mhór bhróin don Dáil an Teachta Tomás Ó Braonáin d'fháil bháis le linn an tsosa. Ar dheis Dé go raibh sé.
Ba chomhalta den Dáil do dháilcheantar Chill Mantán é ón mbliain 1944 i leith agus ba chomhalta de Chomhairle Chontae Chill Mantán é ón mbliain 1948 i leith. Is eol dúinn go léir gur chomhalta coinsiasach dúthrachtach den Tigh seo a bhí ann. Ghlacadh sé páirt nuair ba ghá sna díospóireachtaí agus bhíodh leas mhuintir a dháilcheantair i gcónaí ar a aire aige. Cé go raibh droch-shláinte ag cur air le blianta beaga anuas lean sé go dtí an deireadh dá dhualgais Parlaiminte a chomlíonadh leis an dícheall agus leis an díograis ba thréith shuntasach ann ón gcéad uair a toghadh chun na Dála é.
Ní raibh sé ach sna déaga nuair a ghlac sé páirt mhór i gConradh na Gaeilge agus i gCumann Lúthchleas Gael. Bhí sé ar dhuine den chéad dream a ghaibh le hÓglaigh na hEireann. Bhí sé go gnóthach san obair ullmhúcháin roimh Éirí Amach na Cásca, agus ina dhiaidh sin, nuair a cuireadh atheagar ar an ngluaiseacht, ceapadh é ina Cheannfort ar an gceathrú Cathlán de Bhriogáid Thuaisceart Loch Garman, a chontae dhúchais. Stiúraigh sé go pearsanta gníomhachtaí an Chathláin go dtí 1923. Mar gheall ar é a bheith go gníomhach i ngluaiseacht na Saoirse, gearradh téarmaí príosúntachta air ó am go ham, rud a chabhraigh leis an easláinte a tháining air nuair a chuaigh sé amach sna blianta.
De dheasca a bháis antráthúil tá comhalta fiúntach caillte ag an Dáil, teachta ionraic dícheallach caillte ag muintir Chill Mantán agus dea-dhuinedílis tairiseach, a rinne saothar éifeachtach ar a son, caillte ag Éirinn.
Iarraim ort, a Cheann Chomhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá bhaintreach agus dá chlann.
Deputies rose in their places.