Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Mar 1953

Vol. 137 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna do Chonamara.

D'fiafraí

den Aire Oideachais an bhféachfaidh sé chuige go mbunófar i bhFíor-Ghaeltacht Chonamara Meán-Scoil agus Coláiste Cónaithe do pháistí fé mar atá sa Rinn, County Phortláirge, d'fhonn deis a thabhairt do pháistí ónnGaeltacht Gaeilge d'fhoghlaim in áit arb i gnáth-theanga na ndaoine í.

An scoil chónaithe do pháistí óga sa Rinn bé Coiste Coláiste na Rinne a chur ar bun i dtosach í. Níor tugadh aon chúnamh airgid ón Stáit don Choiste ríamh i leith an fhoirgnimh do chur ar fáil ná i leith na gcostaisí a bhain le cothú na ndaltaí. Blianta beaga i ndiaidh bunú na scoile, ámh, tugadh aithint dí mar Scoil Náisiúnta agus ansan h-íocadh deontaisí le lucht stiúrtha na scoile amhail mar a híocfar leis na gnáth bhun scoileanna caipitíochta. Ní miste a rá freisin nach bhfuil aon mheán scoil sa Rinn.

Ins na cúrsaí san ní bheadh ar mo chumas scoil ar nós an scoil chónaithe sa Rinn a bhunú i bhFíor Ghaeltacht Chonamara, ach dá mbunaití scoil chónaithe dá leithéid ann gheobhfáí í d'aithint agus cabhair airgid a thabhairt dí i bhfoirm deontaisí caipitíochta nó tré tuarastail na noidí d'íoc.

Top
Share