Tairgim:
Go ndeonfar suim nach mó ná £272,250 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin (Uimh. 16 de 1924), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair.
Mar a chífidh na Teachtaí ar ball beidh laghdú £14,260 sa Mheastachán seo ar Mheastachán na bliana seo caite-Is é is mó is cúis leis sin ná an fóirdheontas don Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach, £45,000, a bheith £18,500 níos lú ná mar bhí anuraidh agus ina theannta sin méadú £9,400 a bheith ar Leithreasa-i-gCabhair.
Is é faoi ndeara an méadú ar na Leithreasa-i-gCabhair ná go bhfuarthas thar n-ais ó Chóras Tráchtála Teoranta an méid iomlán is iníoctha le foirinn na Roinne seo atá ag gabháil go lánaimsearach d'obair an chomhluchta sin. I dteannta an Rúnaí Chúnta atá ar iasacht ón gCeanncheathrúin tá sa bhfoirinn seo beirt Oifigeach Trádála maraon le fo-fhoirinn áirithe sna Stáit Aontaithe. Is é is mó is cúis leis na méaduithe sna Fo-Mhírchinn tuarastal ná gur cuireadh leis an bhfoirinn i Londain agus i Bonn, agus gnáthbhreisithe a bheith le n-íoc agus liúntais d'oifigigh ar phósadh dhóibh. Tá laghdú ar na fo-mhírchinn taistil sa bhaile agus thar lear. Tá méadú ar chostas imdhála Feasacháin na Roinne thar lear toisc méadú a theacht ar an bpostas.
Ó Mheastachán na bliana seo caite tá curtha lenár misiúin taidhleoireachta agus consalachta thar lear trí Chonsal Oinigh a cheapadh san Íoslainn. Dá thoradh sin tá d'oifigí thar lear againn seacht nAmbasáidí, ocht Leagáideachtaí, Ard-Chonsalacht amháin, trí Consalachtaí agus seacht gConsalachtaí Oinigh. Níor deineadh aon athrú ar an méid misiún eachtrannach in Éirinn-Maris gnáth, rinne an Roinn seo i bhfus agus na hoifigí consalachta thar lear an obair a bhaineas le pasanna, visae agus eastáit maraon le hobair chonsalachta eile. Is beag athrú a tharla ar mhéid na hoibre seo i 1952-53 i dtaca leis an mbliain roimhe.
Chomh fada siar le 1950, b'eol don Roinn seo go raibh roinnt sagart Éireannacha, de Mhisiún Mhaigh Nuadhat chun na Síne, faoi ghabháil ag forsaí Korea Thuaidh agus deineadh gach dícheall ó shoin, trí chaoinchabhair Rialtas na Breataine, na hEilbhéise, na hInde agus na hAstráile, chun faisnéis d'fháil faoina dtoisc.
Ba mhór ar fad an chaill linn a chlos ó am go ham go bhfuair cuid de na misnéirí sin bás i Korea Thuaidh, agus ní raibh aon eolas cinnte le fáil faoin gcuid eile go dtí le fíor-dhéanaí, nuair a fuarthas amach gur bheo fós don Mhonsignor Ó Caoinleáin, Prefect Aspalda. Mar is eol do na Teachtaí, scaoileadh an Monsignor Ó Caoinleáin saor ag Údaráis Korea Thuaidh maraon le seisear Síbhialtach Breataineacha a bhí faoi choinneáil, agus, le caoinchabhair Rialtais na Breataine, rinneadh socruithe chun go dtabharfaí abhaile é i dteannta na mBreataineach a bhí faoi choinneáil.
Mar is eol do na Teachtaí shroich an Monsignor Ó Caoinleáin Aerphort Baile Átha Cliath inné ar an slí abhaile do agus fearaimid fíorchaoin fáilte roimhe ar a theacht abhaile tar éis a chruacháis fhada.
Tá ár míle buíochas ag dul do na Rialtais atá i gceist as ucht na cabhrach a thugadar chun go scaoilfí saor an Monsignor Ó Caoinleáin, agus go háirithe do Rialtas na Breataine toisc na saoráidí a chuir siad ar fáil chomh fonnmhar sin le go bhféadfadh sé filleadh abhaile.
Le linn na bliana sco caite lean an Roinn dá gnáthshaothar faisnéise agus cultúra. Is chuige atá seirbhísí faisnéise na Roinne ná chun gur fearr a bheas eolas ar Éirinn i dtíortha coigríche agus go háirithe chun a dheimhniú go bhfoilseofar thar lear na fíorais faoin Teorainn. Eisítear agus cuirtear chun nuachtóirí cachtrannacha, agus chun daoine mór-thionchair in go leor tíortha, feasachán seachtainiúil inambíonn scéala intsuime faoi Éirinn. Scaiptear tuairim is 6,500 cóip faoi láthair agus tá fianaise ann á thaispeáint go mbíonn fáilte roimhe ag na daoine a gheibheann é agus go mbaintear dea-úsáid as sna nuachtáin eachtrannacha agus eile.
Tá "Ireland—An Introduction," a hullmhaíodh ag Rannóg Faisnéise na Roinne, a imdháil fós ag na misiúin thar lear agus ar chuairteoirí oirearca agus tuairisceoirí eachtrannacha a thagann go hÉirinn. Tá eagrán nua ar fad den leabhrán seo á fhoilsiú faoi láthair. Meastar, áfach, i dteannta "Ireland— An Introduction," go bhfuil gá le leabhrán níos saoire don phobal a chuirfeadh in iúl go simplí soiléir na príomh-fhíorais faoi Éirinn, agus a scaipfí go fairsing. Foilsíodh paimfléad, cósúil le "Ireland—An Introduction," sa bhFraincis. Tá réamhrá leis ón scríbhneoir clúil Francach úd, M. André Siegfried, agus, más maith is mithid, déanfaidh sé beart fónta chun faisnéis a sholáthar do dhaoine gan Béarla.
Eisíonn an Rannóg "Documents on Ireland," sreath páipéar a thugann eolas fírinneach faoi ghnéithe éagsúla de shaol na tíre, agus imdháiltear iad ar thuairisceoirí, lucht oideachais agus daoine eile a bhfuil spéis acu sna gnéithe áirithe sin.
Cuireadh deireadh i rith na bliana le Coiste Taighde Chomhdháil Uile-Pháirteach Dhíchur na Teorann. Na ceithre paimfléid ar an Teorainn d'fhoilsigh an Coiste—"Ireland's Right to Unity,""Discrimination,""One Vote Equals Two" agus "The Orange Card"— tá an Rannóg Faisnéise ag leanúint dá scaipeadh, mar is ar an Rannóig atá de chúram an cás in aghaidh na Teorann d'fhoilsiú thar lear. Déantar "Six County Newsheet," a thugann an t-eolas is déanaí faoi chúrsaí sna Sé Contaethe agus faoi shaothair in aghaidh na Teorann, d'imdháil ar Chumainn Bhriseadh na Teorann, agus ar dhaoine atá báidhiúil linn, mar eolas dóibh. In aghaidh na seachtaine a heisítear é.
Lean an Rannóg de cheisteanna den uile chineál d'fhreagairt a fuair an Roinn agus na misiúin thar lear ó eachtrannaigh a bhfuil spéis acu in Éirinn. I gcomhar le Bureau Eolais an Rialtais, an Bord Fáilte, Fógra Fáilte,Aer Lingus agus Córas Iompair Éireann deintear deimhin do go bhfaghann tuairisceoirí cuarta gach áis is féidir le linn dóibh bheith anseo. Breithníodh tagairtí d'Éirinn sna nuachtáin choigríche, agus, aon uair a measadh ba ghá é, deineadh beart chun ráitis bhréagacha a cheartú.
An saothar a dhéanann an Roinn faoi chaidreamh cultúra agus a déantar i gcomhar le Comhar Cultúra Éireann (An Coiste Comhairlitheach um Chaidreamh Cultúra), ba leanúntas é ar an saothar rathmhar a rinne siad sna blianta roimhe sin. Baintear úsáid iomlán as an Vóta £10,000 atá ar fáil chun na críche sin, agus táim lándeimhnitheach de gur mhór ar fad an chabhair an méid de sin a caitheadh sa bhliain atá faoi bhreithniú chun caidreamh cultúra na hÉireann le tíortha eile a chothú.
Tá tuarascáil an Choiste do 1952/53 á hullmhú faoi láthair agus, chomh luath is bheas sí réidh, cuirfear faoi bhráid an Tí í agus tabharfar do na Teachtaí í. Léireoidh an Tuarascáil go mbaineann saothar an Choiste um Chaidreamh Cultúra agus saothar na Roinne seo le gach gné de shaol cultúra na tíre.
Ag leanúint den tsreath leabhrán ar Shaol agus Cultúr na hÉireann, thug an Coiste tacaíocht d'fhoilsiú leabhráin i rith na bliana dar teideal "Books on Ireland"—is é sin leabhar-liost gairid de chineál ginearálta. Táthar ag súil gur mór an chabhair a thabharfaidh an follseachán seo do mhic léinn eachtrannacha ar mian leo dearcadh ginearálta d'fháil ar an tír seo faoi na mírchinn éagsúla. Is geall le dara eagrán é den fhoilseachán "Ireland— a bibliography" d'fhoilsigh an tArdMhúsaem in 1942.
Le haghaidh na hoibre seo go léir, theastaigh síor-aird agus síor-chomhoibriú ó chomhaltaí an Choiste agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leo thar cionn an Rialtais agus thar mo chionn féin mar gheall ar an gcaoi inar chaith siad am agus saothair i mbun na mbeartas a tosnaíodh agus a cuireadh i gcrích chomh rathmhar sin.
Cuireadh an chabhair eacnamaíochta ó Aimeirice ar fiúnaí i mí Bealtaine, 1951, agus ní raibh sé i gceist chor arbith go bhfaigheadh Éire aon chúnamh eacnamaíochta ná airgeadais ó Aimeirice i rith na bliana 1952.
Cheal cabhrach ó Aimeirice níor tháinig faoi thrácht i rith na bliana seo caite maidir le Cúnamh Eacnamaíochta ó Aimeirice ach na scéimeanna chun an t-airgead d'úsáid a bhí ag freagairt do chontrapháirt sterling na ndolaerí faoi phlean Marshall a fuarthas i bhfoirm deontais. Tá an t-airgead sin i seilbh an Bhainc Ceannais i gCuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais. Tuairim £6,142,000 a mhóid. Tá liosta iomlán de dhá scéimeanna déag curtha faoi bhráid an Rialtais Aimeiriceánaigh. Measadh go gcaithfí cúig mhilliún go leith punt ar na scéimeanna sin. Maidir leis an bhfuíollach, tuairim £642,000, tá moladh curtha chun na húdaráis Aimeiricéanacha go gcoimeádfaí an tsuim sin chun í d'úsaid ar aon chinn de na scéimeanna a mbeadh sé inmholta é d'úsáid orthu ar ball. Is é cúis atá leis sin go mb'fhéidir go sárófaí na meastacháin do chuid acu. Ina theannta sin tá fadhbanna chomh mór sin ag baint le cuid acu a chur i gcrích go hiomlán go mbeadh i bhfad níos mó airgid ag teastáil dóibh ná mar atá á chur m áirithe dhóibh faoi láthair. Sin mar atá go háirithe maidir leis an gcloch aoil mheilte agus le scrios na heitinne i gcás beithíoch.
Ní foláir ceadú d'fháil roimh ré ó Rialtas agus ó Pharlaimint na Stát Aontaithe chun na cistí i gCuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais a chaitheamh. Tá scrúdú á dhéanamh faoi láthair ag an Rialtas sin ar na scéimeanna a moladh chun an t-airgead sa chuntas a chaitheamh, agus táimid ag súil go gcuirfear faoi bhráid an Congress iad go luath chun iad a cheadú. Ní bhfuarthas fós ó na húdaráis Aimeiriceánacha aon tuairim chinnte i dtaobh na scéimeanna a moladh.
Síníodh Coinbhinsiún Consalachta ar an lú Bealtaine, 1950, i mBaile Atha Cliath idir an tír seo agus na Stáit Aontaithe. Sin an chéad Choinbhinsiún dá shaghas a rinne an tír seo. Is é a chuspóir feidhmeanna agus cearta consal na hÉireann in Aimeirice agus consul Aimeirice in Éirinn a mhíniú agus a chinntiú. Baineadh forálaáirithe as an gCoinbhinsiún, áfach, trí Phrótocol a síníodh i mBaile Atha Cliath ar an 3ú lá de Mhárta anuraidh. Baineann na forála sin go príomha le hAirteagal XVIII den Choinbhinsiún. Is é atá i dtrácht san Airteagal sin deonadh ionadaíochta i leith eastát daoine marbha. B'éigean an tAirteagal sin a bhaint amach toisc Seanad na Stát Aontaithe a bheith ina choinne ar chúiseanna bunreachtála. Ní raibh an dara roghain againn, ár ndóigh, agus b'éigean dúinn glacadh le hagóidí Sheanad na Stát Aontaithe agus aontú leis an Prótocol a dhéanamh. An uair amháin a bhí na forála sin scriosta amach ag an Prótocol, ní raibh aon bhac ar dhaingniú an Choinbhinsiúin agus an Phrótocoil ag na húdaráis Aimeiriceánacha. Rinneadh sin ar an 26ú lá de Mheitheamh anuraidh.
Ní féidir leis an Uachtárán é a dhaingniú go dtí go rithfear reachtaíocht áirithe. Ta dréachta decu reachtaíocht sin—fuarthas cuid aon ó Ranna eile—curtha le chéile agus ullmhaithe ag an Roinn seo agus táid ag an dréachtóir parlaiminteach faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas an reachtaíocht sin a thabhairt isteach sa Dáil taobh istigh de chúpla seachtain.