Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £20,500 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na blíana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, chun ranníoc do Chomhairle na hEorpa agus don Eagras um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip agus i leith tionscadal áirithe Eagrais na Náisiúin Aontaithe agus chun costas eile ina dtaobh sin.
Is é méid iomlán an mheastacháin £39,800. Sin méadú £2,400 ar an suim a soláthraíodh anuraidh. Tá mioneolas san imleabhar clóbhuailte ar an méadú nó an laghdú faoi na fo-mhírchinn éagsúla.
An tsuim atá ag teastáil uainn le haghaidh an ranníoca chun an Eagrais um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip bunaíodh í ar an suim a caitheadh sa bhliain 1952/53. Tá sí cuid mhaith níos lú ná an tsuim a soláthraíodh anuraidh. Tá laghdú £1,500 sa tsoláthar le haghaidh costas taistil agus mion-chostas eile a bhaineas leis an Eagras. Tharla sin toisc nach gá do thoscairí ó Bhaile Átha Cliath bheith i láthair ag cruinnithe chomh minic agus ba ghá roimhe seo.
Tabharfar faoi deara nach bhfuil beartaithe againn aon ranníoc a dhéanamh i mbliana i leith Cláir Chúnaimh Theicniúil na Náisiún Aontaithe. Os a choinne sin, áfach, tá airgead á sholáthar i mbliana, den chéad uair riamh, le haghaidh ranníoca £10,000 chun Ciste Teagmhais Eadarnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí. Usáidtear an ciste sin chun airgead a sholáthar i gcóir cláir fadtéarma de scéimeanna sláinte leanaí sna háiteanna sin ar fud an domhain atá in iargcúl eacnamaíochta. Déantar an dea-obair sin i gcomhar le hEagras Sláinte an Domhain agus leis an Eagras Bídh agus Talmhaíochta. Seo a leanas cuid de na nithe atá ar láimh faoi láthair:—an eitinn agus an malaria a laghdú san Aifric agus san Áise, feithidí a dhíthiú agus bainne a chaomhaint cois na Mheán-mhara Thoir, ionaid sláinte do mháithreacha agus do leanaí agus gléasraí caomhainte bainne a chur ar fáil i dtíortha áirithe agus scéimeanna chun teagasc ar chothú leanaí a thabhairt i dtíortha in Aimeirice Theas. Ina dteannta sin tugann an Ciste cúnamh díreach i gcásanna éigeandála, mar shampla, chun leanaí teithimh a chothú.
Gheibheann an Ciste formhór an airgid trí ranníoca saorálacha ó rialtais. Sa bhliain 1952 cruinníodh beagnach $11,000,000. Gach tír a gheibheann cabhair ón gCiste bíonn uirthi earraí nó airgead a thabhairt atá comhionann ina luach leis an méid cabhrach a thugann an Ciste dí. Iocann Rialtas na Stát Aontaithe suim atá cóimhéid le trian na ranníoc go léir ó rialtais eile. Uime sin má thugann an rialtas ranníoc don Chiste tugtar cabhair do leanaí is fiú i bhfad níos mó ná an tsuim a ranníocadh.
Tá 61 tír tar éis ranníoc a dhéanamh ó bunaíodh an Ciste. B'fhacthas don Rialtas gur chóir dóibh ranníoc éigin a dhéanamh leis an gCiste sín de thoradh na n-achainí a rinneadh orainn. Tá beartaithe againn a shocrú go gcaithfear an t-airgead a ranníocfar ar cheannach earraí sa tír seo.
Maidir le Comhairle na hÉorpa ba é beartas na hÉireann riamh agus i gcónaí an méid dob fhéidir léi, do réir a hacmhainne, a dhéanamh chun síocháin agus comhar cairdeasa a chur in áirithe do náisiúin uile an domhain.Dá réir sin ghlacamar páirt ghníomhach in obair Chomhairle na hEorpa i rith na bliana atá faoi léirmheas. Sa Tionól Comhairlitheadh, a tháinig le chéile i mí Bealtaine agus i mí Meán Fómhair, 1952, agus arís ag cruinniú urghnáthach i mí Eanáir, 1953, bhi ionadaithe ó gach aon dream polaitíochta sa Dáil i láthair agus chuireadar in iúl an léargas a bhí ann againn ar na ceisteanna a bhí dá mbreithniú. Ar na coistí a chuir an Tionól ar bun, agus a dhéanann obair nach bhfaigheann an oiread poiblíochta agus a gheibheann Seisiúin an Tionóil féin, rinne ár n-ionadaithe obair fhónta chomh maith. Bhí cruinniú le déanaí i mBaile Átha Cliath ag ceann de na Fo-choistí, a cheap an Tionól chun cúrsaí taistil thar teoranta a phlé. Dála an scéil ní miste a rá gur mhol ionadaithe na hÉireann ag Strasbourg, tamall ó shoin, gur ceart coistí den tsórt sin a thabhairt le chéile ó am go ham i bpríomh-chathracha na Stát-chomhaltaí. Ar an gcuma sin tarraingeofaí umhail an phobail i dtíortha éagsúla ar obair na Comhairle.
I gCoiste na nAirí leanadh den obair ar roinnt nithe a beartaíodh chun comhoibriú praiticiúil na gComhaltaí lena chéile a thabhairt i gcrích. De thairbhe na hoibre sin tá comhaontuithe áirithe réidh lena síniú. Orthu sin tá comhaontuithe maidir le cúrsaí slándála sóisialaí, cúnamh sóisialach agus cúnamh liachta, comhionannas teastais chun daoíne a ligean isteach in Ollscoileanna agus simpliú na bhfoirmiúlachtaí a bhaineas le hiarratais ar phaitinní. I measc na nithe eile atá dá scrúdú ag saineolaithe faoi láthair tá Cóireáil Chomhionann do Náisiúnaigh Stát-chomhaltaí, Réiteach Síochánta Díospóidí, Eistríriú, Comhaontuithe Cultúra agus cúrsaí breise a bhaineann le Paitinní agus le Slándáil Shóisialach.
Daingníodh, thar ceann an Rialtais, an Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chaomhaint agus an Prótocol don Choinbhinsiún sin, ach go ndearnamar forcoimeádas amháin maidir le cabhair dlíthiúil in aísce. San am céanna rinneadh dearbhú ag aithint chumhachta an Choimisiúin um Chearta an Duine chun achainí a ghlacadh ó dhaoine aonair nó ó eagrais, nach eagraisrialtais, adeir gur sáraíodh ina leith na cearta atá leagtha amach sa Choinbhinsiún, agus dearbhú ag aithint dlínse éigeantach na Cúirte um Chearta an Duine. Go dtí seo tá ocht dtíortha tar éis an Coinbhinsiún a dhaingniú agus sé tíortha tar éis an Prótocol a dhaingniú. Is gá deich n-ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh sa dá chás chun feidhm a thabhairt don Choinbhinsiún agus don Phrótocol. Níl dlínse na cúirte aitheanta fós ach ag Éire agus an Danmhairg, ach tá an cheist sin dá breithniú faoi láthair ag a lán Stát-chomhaltaí eile. Ní cuirfear an Chúirt ar bun go dtí go mbeidh an dearbhú is gá ina leith déanta ag ocht Stáit. Ba í Éire an dara tír—an tSualann an chéad cheann—a rinne dearbhú maidir leis an gCoimisiún. Tá an Danmhairg tar éis é a dhéanamh ó shin. Teastaíonn sé dearbhuithe den tsórt sin sara bhféadfaidh an Coimisiún achainí aonracha a ghlacadh. Cuireadh timpeall chun comhaltaí an Oireachtais Páipéar Bán, ina raibh téacs an Choinbhinsiúin, an Phrótocoil agus na nDearbhuithe.
Faid atá an Chomhairle ag leanúint dá cuid oibre ar cheisteanna a bhaineas le comhoibriú praiticiúil idir na Stát-Chomhaltaí tá cionn saothair, chun tíortha Iarthair na hEorpa a thabhairt le chéile níos dlúithe, á chur ar scáth ag rudaí atá ag tarlachtaint lasmuigh den Chomhairle. Is é atá i gceist agam, an ghluaíseacht i leith aontachta níos dlúithe fós, trí chomhaontais sainiúla, ina bhfuil páirt ag Rialtais na Beilge, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, Luxembourg agus na hÍsiltíre. Níl ach comhaontas amháin den tsórt sin ar bun go fóill, is é sin an Comhaontas Eorpach um Ghual agus Cruach. I mí Bealtaine, 1952, shínigh na sé Stáit sin Conradh chun Comhaontas Eorpach um Chosaint a bhunú, ach níor daingníodh fós é. Le déanaí bhí Tionól ad hocann de pharlaiminteoirí ó na sé Stáit sin. Ligeadh parlaiminteoirí ó thíortha eile atá ar Chomhairle na hEorpa—ba cheann acu Éire—isteach mar bhreathnadóirí. Tharraing an Tionól sín suas dréachtreacht le haghaidh Comhaontas Polaitíochta Eorpach. Tá beartaithe an Comhaontas um Ghual agus Cruachagus an Comhaontas um Chosaint a chomhtháthú ansin. Tá an dréachtreacht sin dá scrúdú faoi láthair ag na sé Rialtais a luas, agus táthar ag súil go dtabharfaidh siad a dtuairimí air ag cruinniú a bheas acu an 12ú lá de Bhealtaine.
Tá staid Chomhairle na hEorpa, de thoisc na gcúrsaí sin, faoi bhreithniú agus scrúdófar arís é ag cruinniú de Choiste na nAirí an mhí seo chugainn. Ar dtúis moladh go bhféadfaidh Comhairle na hEorpa bheith ina bonnchreat do na comhaontais sainiúla sin go léir. Ach go dtí seo, de bharr an eolais atá faighte ar an gComhaontas um Ghual agus Cruach (agus níl ach comhbhaint an-bheag leis), dhealródh sé go mba leasc leis na comhluchtaí fornáisiúnta sin bheith faoi smacht ag eagras eadar-rialtais ar nós Comhairle na hEorpa.
Chun scéal gearr a dhéanamh de, is í aigne atá againne maidir le haon chomhcheangal a bheith ag an gComhairle leis na comhaontais sin—cé go gcaithfear gan breith chinnte a thabhairt ar an gceist go dtí go mbeidh na Coistí ar bun—go n-aontóimis le haon tsórt liaison a mbeadh na Státchomhaltaí eile sásta leis, ach nach lagódh an liaison sin in aon tslí comhaltas na Comhairle mar atá faoi láthair.
Tá an tEagras um Chomhar Eacnam aíochta san Eoraip go beo bríomhar agus tá Éire ag leanúint dá cion a dhéanamh ann go dúthrachtach. Bhí ceithre cruinnithe ag Comhairle na nAirí i rith na bliana 1952/53.
Níl aon bhaint ag an Eagras faoi láthair le roinnt na cabhrach ó na Stáit Aontaithe. B'shin cuid mhór den obair a bhí le déanamh aici sna blianta tosaigh. Anois is é is mó a bhíos ar a haire na fadhbanna móra, eacnamaíochta agus airgeadais, atá ag cur as do na Stát-Chomhaltaí, do na Stáit Aontaithe agus do Cheanada. I rith na bliana 1952/53, chuir an tEagras dhá fhoilseachán mhór-thábhachta ar fáil. Grúpa neamhspleách saineolaithe a rinne an chéad shaothar acu. Bhain sé le cobhsaíocht an airgeadais intíre i gcás Stát-chomhaltaí. Is fiú a thabhairt faoi deara go raibh na beartais airgeadais a glacadh i gCáinaisnéís natíre seo anuraidh ag freagairt go dlúth do na prionsabail a moladh sa tsaothar sin.
Ba é an dara saothar Ceathrú Tuarascáil Bhliantúil an Eagrais agus foilsíodh é i ndeireadh na bliana 1952/53 faoin teideal Europe—the Way Ahead.Sa Tuarascáil sin rinneadh miondealú cruinn beacht ar chúrsaí eacnamaíochta agus airgeadais sna Stát-Chomhaltaí, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Scrúdaíodh go cúramach na modhanna trína bhféadfadh na tíortha sin, dá n-oibrídís i dteannta a chéile, na deacrachtaí a shárú a thagann as barrachas mór a bheith i gcomhardú íocaíochtaí na Stát Aontaithe i gcónaí. Bhi misiún speisialta ón Eagras um Chomhar Eacnamaíochta i Washington le déanaí ag plé le húdaráis na Stáit Aontaithe i dtaobh na mbeartas a moltar sa Tuarascáil seo.
Is aidhm mhór ag an Eagras an trádáil a shaoradh. B'ainneoin gur casadh constaicí áirithe ar an Eagras tá dul ar aghaidh mór déanta aige chun an trádáil idir-Eorpach a shaoradh de tairbhe a Chlaír Iomscaoilte agus Aontais Iocaíochtaí na hEorpa. De thoradh Aontais Iocaíochtaí na hEorpa tá comh-mhalairtiú páirteach airgeadraí Eorpacha tugtha chun críche.
Tá an tEagras um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip tar éis a chruthú go soiléir chomh tábhachtach agus atá sé mar ghléas chun comhoibriú eacnamaíochta agus airgeadais a chur i gcion idir thíortha Eorpacha ar thaobh amháín, agus idir na tíortha sin agus na Stáit Aontaithe agus Ceanada ar an taobh eile.
Tugadh faoi deara nach raibh fiche Teachta i láthar; Cóimhríodh an Teach agus, ar fiche Teachta a bheith i láthair.