Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £237,090 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1955, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais agus chun Costas a bhaineas leis an gComhairle Oideachais.
That a sum not exceeding £237,090 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1955, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education and for Expenses connected with the Council of Education.
Tá méadú beag de £680 ar an gcostas riaracháin i gcomparáid leis an mbliain seo ghaibh tharainn. Níorbh fholáir soláthar breise de ós cionn £2,000 a dhéanamh i gcóir costas taistil toisc na rátaí ardaithe a ceadaíodh anuraidh. Tá laghdú de bheagnach £2,000 ar mhéid na dtuarastal do lucht na foirne féin, d'ainneoin an ceithre mhíle punt dob éigean a sholáthar le haghaidh na foirne breise a bhí ag teastáil mar gheall ar leathnú na scéime chun scoileanna náisiúnta a thógaint. Dob é fá ndear an laghdú glan seo ar chostas tuarastal na foirne, ná oibriú na scéime eagair agus modhanna ar tháinig de gurbh fhéidir laghdú a dhéanamh ar líon na foirne. Trí leanúint d'oibriú na scéime seo, meastar go ndéanfar roint mhaith eile a shábháilt feasta.
Táim ag súil leis an gcéad tuairisc ón gComhairle Oideachais seo go luath. Is le linn na tréimhse a rabhas féin im Aire Oideachais cheana a bunaíodh an Chomhairle, agus idir an dá linn bhí siad ag plé an dá cheist ar iarras comhairle orthu ina dtaobh, is iad san:
(i) Feidhm na bun-scoile; agus
(ii) An cúrsa léinn ba cheart a leanúint sa mbun-scoil ó aois Naionáin go dtí aois dhá bhliain déag.
Tá an dhá cheist seo cíortha acu anois.
Ní mór cuimhneamh air gur naonúr is fiche de dhaoine lán-neamhspleácha atá ar an gComhairle; níl aon ionadaí de chuid mo Roinne féin ná de chuid aon Roinn Rialtais eile ina measc. Is rí-mhór liom na seirbhísí a thug baill na Comhairle go dtí seo, agus cé gur minic gur cheataí mhór dóibh féin é, thugadar na seirbhísí sin go fial agus go fonnmhar, agus tá súil agam go leanfar de sin san am atá le teacht.
Bhóta 40—Bun-Oideachas.
£8,262,490 an t-iomlán atá le soláthar i gcóir Bun-Oideachais sa mbliain reatha seo, sin méadú de £94,890 ar mheastachán na bliana seo gaibh tharainn. An dá ní is mó fá ndear an méadú seo táid i mír-chinn C. 1 (tuarastail oidí agus deontaisí do scoileanna caipitíochta £52,540) agus D.D. (íocaíochtaí ex gratia d'oidí áirithe ar phinsean—£39,000). An mírcheann deireannach seo (D.D.), is é atá ann, ná an tríú tráthchuid, is é sin, an tráth-chuid deiridh, den íocaíocht ex gratia a deineadh, i bhfoirm cnap-shuime leis na hoidí seo ar phinsean a bhí éirithe as an tseirbhís sul ar ceadaíodh an chnap-shuim ón lú lá d'Eanáir, 1950, d'oidí a bhí le héirí as seirbhís i ndiaidh an dáta sin. An méid breise i gcóir tuarastal oidí agus deontaisí do scoileanna caipitíochta, is é is cúis leis sin ná an méadú ar líon na ndaltaí scoile le roint bhlian anuas. Le tamall de bhlianta roimh 1947 bhí uimhir na ndaltaí ar rollaí scoileanna náisiúnta ag laghdú in aghaidh na bliana. Ar an 30ú lá de Mheitheamh sa mbliain sin, 1947, 453,428 an uimhir iomlán a bhí ar rollaí na scoileanna náisiúnta. Ó shin i leith, ámh, tá an uimhir ag méadú do réir a chéile. Ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1953, 484,364 an uimhir a bhí ar na Rollaí, sin méadú de os cionn 30,000 ó 1947. Meastar go leanfar den mhéadú ar líon na ndaltaí scoile go ceann tamaill eile; ach do réir an laghdú atá le tabhairt fá ndeara le déanaí ó thaobh an líon leanaí atá á saolú is dealraitheach go sroisfidh an líon daltaí ar rollaí na scol an barr-phointe laistigh de chupla blian. An meán-tinnreamh laethúil i rith na scoilbhliana darbh críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1953 b'ionann é agus percentáiste 85.6 den mheán ar na rollaí. B'shin an percentáiste is airde a sroiseadh fós.
Tá fadhbh ann i dtaobh dóthain oidí a chur ar fáil; ach ní miste tagairt i dtús báire do mhí-thuigsint atá ann, do réir dealraimh, mar gheall air sin. Ní easpa iarrthóirí cáilithe i gcóir na gColáistí Oiliúna fá ndear an ganntanas oidí: is amhlaidh nach bhfuil dóthain cóiríochta ins na Coláistí Oiliúna féin chun freastal ar riachtanaisí na scol. Is aoibhinn liom a rá, ámh, gur tharla trí chineáltas agus comhoibriú a Ghrásta, Ardeaspóg Áth Cliath, agus Údaráis Coláiste Oiliúna Baintiarna na Trócaire, An Charraig Dhubh, gurb féidir socrú a dhéanamh roinnt mí ó shoin chun an Coláiste a mhéadú agus cóiríocht a sholáthar ann do ó chéad go chéad is fiche d'abhair múinteóirí sa mbreis, i dtreo is go mbeidh méadú de chaoga nó seasca in aghaidh na bliana ar uimhir na mban-oidí oilte feasta. Tá an obair togála sa Choláiste go maith chun cinn cheana féin, agus meastar go nglacfar an chéad dream de na micléinn bhreise isteach sa Choláiste i Mí Meán-Fomhair seo chugainn. Tá slite eile á scrúdú leis d'fhonn breis oidí a chur ar fáil.