Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £106,940 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Mhárta, 1955, chun Costas i dtaobh Scol Ceartúcháin agus Scol Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67; Uimh. 17 de 1926; Uimh. 12 de 1941; agus Uimh. 6 de 1949).
Vóta curtha agus aontaithe.