Tairgim:—
Go ndeonfar suim nach mó ná £14,800 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1955, chun ranníoc do Chomhairle na hEorpa agus don Eagras um Chomhar Eacnamaíochta san Eoraip agus i leith tionscadal áirithe Eagrais na Náisiúin Aontaithe agus chun costas eile ina dtaobh sin.
Vóta curtha agus aontaithe.