Ní gá aon fhaitíos a bheith ar an Rúnaí Parlaiminte i dtaobh ceal eolais a bheith aige ar chúrsaí iascaigh. Fiú amháin dá mbéadh sé in oifig níos mó ná mí amháin, ní dóigh liom go gcuirfeadh aon duine ar an dtaobh seo de Tigh i sáinn é agus níl sé de rún agamsa é sin a dhéanamh inniu. B'fhearr liom ibhfad, dá bhféadfainn é, an Rúnaí Parlaiminte a chur ar an eolas i dtaobh rudaí a thárla fé mo bhráid féin. B'fhéidir go bhféadfainn roint comhairle a thabhairt dó de bhárr an tréimhse a chaith mé féin fé na dualgaisí chéanna. Ár ndóigh, tá cunntas iomlán léite amach ag an Rúnaí Parlaiminte, an dul chun cinn atá le tuairisciú aige fé beagnach chuile rud. Caithfidh sé féin, mar a déanaim féin, an creidiúnt a thabhairt don Bhord Iascaigh Mhara de bhárr cuid mhaith den dul chun cinn sin, go mór mhór chomh fada agus a bhaineann sé le h-iascach fairrge. Tá foireann mhaith Stát-Sheirbhísigh sa Roinn freisin agus dualgas díreach orthu sin i dtaobh cúrsaí iascaigh intíre—agus is maith ann é. Is maith cleachtach agus stuamdha ar an obair iad agus a shliocht ar sa chunntas atá léite amach ag an Rúnaí Parlaiminte.
Is iontach go deo an spéis atá dá chur i gcúrsaí iascaigh ó ceannaíodh na trí báid atá fé stiúrú díreach an Bhoird Iascaigh Mhara. Ár ndóigh, roimhe sin bhíodh na díoltóirí, na hiascairí agus dreamanna eile a bhfuil lámh istigh aca i tionscal an iascaigh, ag cur anuas go minic ar an gComhlachas Iascaigh Mhara—an tainm a bhí ortha an t-am sin roimh Acht 1952 Ó tháinig an réim nua faoin Acht, cuireadh dhá dhream ar bun— an Bord Iascaigh Mhara, an dream a bhfuil an chomhacht feidhmiúcháin aca; agus an Comhlachas Iascaigh Mhara, an dream a bhfuil dualgas comhairlíoch ortha. Níl ar an gComhlachas ach daoine a bhfuil lámh istigh aca i gné éigin den iascach, bíodh siad in a mion-díoltóirí nó mór-díoltóirí nó ag sailiú éisc nó in a n-iascairí. Tá cead aca bheith sa Chomhlachas sin nó tá cead ag chuile dream a bhaineas leis an iascaireacht ionadaí a bheith aca ar choiste an Chomhlachais. Bíonn siad san ag clamhsán i ngeall ar dhaoine a bheith ar an mBord nach slí maireachtála acu an iascaireacht nó aon chuid den iascaireacht.
'Sé mo thuairim é—agus 'sé tuairim go leor daoine eile, go mór mhór ar imeallbhord an Iarthair—gur fearr mar bhord dream ar bith nach bhfuil an iascaireacht nó díol an éisc mar shlí bheatha aca ná daoine a bheadh ag cur cis as an lathaigh dóibh fhéin. Is iomdha sin caint a chuala mé féin, ó na hiascairí bochta san Iarthar, chomh dona is a roinn na díoltóirí céanna leo sul a raibh aon Chomhlachas ann. Anois ós rud é go bhfuil comhthrom na Féinne dá dhéanamh ar na hiascairí, go mór mhór na hiascairí bochta nach bhfuil i ngar do Bhaile Átha Cliath tá na díoltóirí beagnach ar fad anuas ar an Stát. Bíonn siad ag cáineadh Roinn an Iascaigh agus an Rialtais, agus bíonn siad ag iarraidh cur i gcéill go bhfuil "nationalisation" ar bun ar an iascaireacht.
Bhí se de phribhléid agamsa bheith ar an gcéad cruinniú den Chomhlachas nua agus mhínigh mé ann an scéim a bhí leagtha amach agam chun an tiasc a dháileadh ar fud na tíre níos éifeachtúla ná mar a bhí an scéal go dtí sin. Ón lá sin anuas thug mé fé deara, sa pháipéar sin atá á chur amach ag an gComhlachas, go rabh siad im aghaidh agus go rabh siad in aghaidh an Bhoird Iascaigh Mhara a chuireadh ar bun. Cuireadh mo chaint isteach sa bpáipéar agus in ionad an focal "rationalisation" a dúirt mé, chuireadar "nationalisation" isteach. Chuireadar cogar i gcluais go leor daoine mór-le-rá sa tír go bhfuil chuile chomhacht dá thabhairt anonn ag an Stáit maidir leis an iascach agus go mór mhór an iascach mhara. Tá páipéar annso agam go bhfuil scéal tugtha síos ar chaint a rinne Easbog sa Deisceart. Tá me lánchinnte nach raibh fhios ag an Easbog so fén scéal—gidh go raibh sé ag caint chomh fírinneach agus a d'fhéad sé—ach go díreach mar cuireadh isteach in a chluais é. Do cuireadh ar a n-eolas ceart é i leith na cainte a chur sé dhe, ach ní fhaca mé aon scéal ar an bpáipéar sin ag bréagnú na cainnte.
Tá me ag caint mar seo leis an Rúnaí Parlaiminte a chur ar a aire in aghaidh na daoine a mbíonn sé de ghaisce acu i gcomhnaí go bhfuil chuile saghas eolais acu ar an iascaireacht. Pé brigh faoi gairme agus faoi ceárdanna eile, 'sé mo thuairm fhéin gur fearr i bhfad daoine nach bhfuil an t-iascaireacht mar slí bheatha aca a chur ag feidhmiú na gcumhacht atá rithte san Act 1952, agus ina theannta sin dream comhairleach ar nós an Chomhlachais agus ar nós na Roinne a bheith ann le iad spreagadh agus le iad a stopadh go minic nuair bheidh siad ag dul ro-fhada.
Tá chuile muinighin agamsa as an mBord agus as an bhfoirinn atá aca. Tá trácht air sa chúntas a léigh an Rúnaí Parlaiminte amach. Tá dul chun cinn déanta i dtaobh na mbád atá ag dul amach; tá dul chun cinn sa mhéid iasc atá curtha ar an margadh; tá dul chun cinn déanta ar an airgead atá le fagháil ag na h-iascairi agus trid is trid is féidir a rá go bhfuil rath ag teacht ar thionscal an iascai.
Is minic a deirtear agus a scriobhtar comhairle don Roinn, comhairle don Bhord agus comhairle don Dáil atá i n-aghaidh a chéile. Feicfidh tú litreacha ins na bpaipéiri a rá go bhfuil sé chó ceart againne an oiread iasc a mharbhadh agus a chur ar an margadh le tír ar bith eile i n-iarthar Eorpa agus, ar an lámh eile den scéal, gheobhaidh na h-udaráis comhairle ó na daoine atá i n-ainm a bheith ag cainnt ar son na n-iascairí a rá go bhfuil an iomarca báid dá chur amach. Bionn siad ag cleamhsán faoi ganntanas éisc ar an margadh, faoi an praghas a bheith ro-árd ar na daoine bochta agus, san am céadna, bionn daoine ag eleamhsán faoi iasc ar bith a leigint isteach thar saile don tír seo. Bhéadh an Rúnaí Parlaiminte, nó fear ar bith eile a bhéadh 'na áit, ar nós an fhir agus an asail ag iarraidh comhairle 'chuile dhuine a dhéanamh agus sa deireadh thiar thall ní shásodh sé aon duine. Mar sin, táim ag tabhairt comhairle don Rúnaí Parlaiminte an chainnt seo a thógaint le grainne salainn agus a intinn fhéin a dhéanamh suas tar eis comhairle a ghlacadh le na h-oifigí sa Roinn agus leis an mBord. Ar ndóigh, bhéadh sé i n-aghaidh nádúra an duine dá dtabharfadh na daoine a bhfuil an t-iascaireacht mar slí maireachtála aca comhairle dó nach mbéadh ar mhaithe leo féin. Má tá lámh istigh agat feicfidh tú chuige nach ngortófar an lámh istigh má tá neart ar bith agat air.
Cuirim fáilte roimh an ráiteas atá léite ag an Rúnaí Parlaiminte. Teasbánann sé go bhfuil tús maith déanta ag an Bord nua. Má choinníonn sé air, ag leanúint an pholasaí a bhí ann go dtí seo—agus nílim a rá anois ó'n am a tháinig mé fhéin isteach san Oifig ach roimhe sin—dream ar nós an Bhúird a bheith idir an pobail, na h-iascairí agus lucht díolta, dream éigin a oibríos ar nós "honest broker," sin é an bealach is fearr ar mhaithe leis na h-iascairí, go mór mhór na h-iascairí ar an imeall bhúird ó Tír Chonaill go dtí Corcaigh, agus ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne.
Tá cead a gcinn anois ag na dioltóirí a dhul ag tóiríocht iad fhéin thall i Sasana a gcuid riachtanaísí éisc nuair bhíonn ceadunas acu a leithéid a leigint isteach ach ní dóigh liom gur féidir, ar mhaithe le na h-iascairí, níos mó a leigint isteach ná mar atá ceaduithe ag an Bord cheana agus is ceart an cumhacht sin a choinneál ag an Bord mar, dá dtabharfaí cead a gcinn do na díoltóirí, b'fhearr i bhfad leo an t-iasc d'fhagháil san áit is saoire a gheobhaidís é ná bheith á thóraíocht ar chósta Chiarraighe nó Gaillimh nó Cósta Thír Chonaill.
Ná tugadh an Rúnaí Parlaiminte aird ach oiread ar na h-iascairí seo a bhfuil báid aca fhéin cheana, báid maithe, báid a fuaireadar le deontas Stáit go fial flaitheamhail agus anois atá ag iarraidh cineál "preserve" do dhéanamh de mbargadh na hEireann agus gan tuille báid a sholáthar. Na h-iascairí a bhfuil báid mhaithe aca, tá siad ag déanamh go maith astu. Ní'l fhios agam an bhfuil aon tsaghas eile oibre i n-Eirinn a bhfuil luach saothair chó maith le fáil as ná mar atá le fáil ag iascairí atá ag obair leis na báid atá dhá soláthair anois. Chuala mé—is deacair, ar ndóigh an chainnt seo a chruthú nó a bhréagnú —ach chuala mé go bhfuil idir £8 agus £10 sa tseachtmhain dá shaothrú ag na gnath-iascairí a usáideann na báid seo agus ní'l fhios agam aon tsaghas eile oibre nó aon tsaghas eile céird gur féidir níos fearr ná sin a dhéanamh as.
Teastuíonn san am ceadna tuille báid agus teastuíonn scaipeadh ar na báid sin níos fairálta ar fúd an chósta agus teastuíonn, níos mó ná ceachtair aca sin, tuille stáisiún, go mór mhór ar an chósta ó Tir Chonaill síos go dtí Corcaigh leis an iasc a scaipeadh agus a dhíol níos eifeachtúla agus níos saoire ins na bailtí móra intire. Ná creideadh aon duine i ngeall air gur tugadh tús áite go Tir Chonaill gurab é sin tús agus deire scéil seo forbairte na hiascaireachta.
Tá caladh-phort maith sna Cealla Beaga. Bhí cabhlach maith bád iascaireachta in san áit sin agus tá eolas a gcéirde ag iascairí na háite sin agus níorbh aon ionadh é gur thosnaigh an Bord Iascaigh Mhara in áit den tsaghas sin le haghaidh na nua-phróiseanna, fuar-stóráil, cursaí deatachaithe agus mion-éisc a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhféadfaidis tosnú in áit níos oiriúnaí ná na Cealla Beaga. Fé mar a léi mé i gceann de na páipéirí a chuir An Comhlachas Iascaigh Mhara amach, ní fíor gur chuir siad a gcuid uibheacha go léir in san aon chiseán amháin. Tá sé beartaithe acu, fé mar do léi an Rúnaí Parlaiminte amach, dul chuncinn leis an obair sin ar fuaid an chósta. Is sé mo thuairm féin gurb shin é an fá go bhfuil na mór-díoltóirí anuas ar pholasaí na Roinne agus anois ionnsaíonn siad gach rud a dheineann sí. Tá paipéir agam annseo—Irish Fishing and Fish Trades Gazette—dár dáta an 3ú Túil, 1954—agus deir sé:
"Obviously the boat-building must have been conducted at a profit or at a loss—but the report does not indicate which. It is hard to understand why the board should enter this industry of boat-building, at all, in competition with old-established private firms which enjoy the greatest goodwill in the fishing community. If it costs the board money to do so, this phase of its operations becomes more incomprehensible still. Perhaps this riddle will be cleared up in the board's next report, which must now be in an advanced state of preparation."