Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Jul 1954

Vol. 146 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Riaráisti Deontais na Gaeilge.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil dhá bhliain riaráiste de dheontas na Gaeilge le n-íoc fós i leith scoláirí Dhoire Mhór Iata, Conamara, agus an dtig leis a rá cén uair a roinnfear amach é.

Ní heol dom go bhfuil dhá bhliain riaráiste den deontas £5 le n-íoc fós i leith daltaí scoile Dhoire Mhór Iata, Conamara.

Tá an deontas sin íoctha cheana féin don scoil-bhliain 1952-53 i leith daltaí na scoile seo. Iocfar deontas na scoilbhliana 1953-54 leis na daltaí seo chomh luath is a bhéas an fiosrúchán riachtanach críochnaithe.

Ní mór a mheabhrú, maidir leis an ndeontas £5, go bhfuil sé ina choinníoll lena thuilleamh in aon scoil-bhliain, an dalta do bheith ag freastal scoile go féiltiúil go dtí deireadh na scoil-bhliana sin. Ní féidir, dá bhrí sin, tosnú ar an obair fiosrúcháin go dtí go mbíonn an scoil-bhliain thart, sé sin taréis deireadh mi Mheithimh.

An bhfuil na fiosrúcháin ar siúl?

Níl an bhliain ach díreach beagnach críochnaithe agus ní féidir na hiarrataisí a theacht isteach go dtí deireadh na bliana—deireadh mí Mheithimh. Chomh luath agus bhéas siad tagtha isteach, is féidir a rá go bhfuil tosnaithe ar an bhfiosrúchán. Tá a fhios ag an Teachta nach raibh an t-airgead díolta go ceann naoi mí, i 1948-49 maidir leis an gceantar sin agus, maidir le 1949-50 gur híocadh an t-airgead taobh istigh de chúig mhí; i 1950-51 híocadh an t-airgead taobh istigh de cheithre mhí; ach, maidir leis na blianta 1951-52 agus 1952-53, do thóg sé 12 mí chun an t-airgead d'íoc. Beidh an scéal níos fearr i mbliana ná mar a bhí sé anuraidh nó arú anuraidh.

Tá níos mó moille i leith na scoile seo ná scoileanna eile sa gcomharsanacht. Sin é an fáth gur chuir mé an cheist.

Pé moill a bhí air anuraidh, is é an moill chéanna a bhí ann an bhliain roimhe sin. Bhí sé trí huaire níos measa ná mar a bhí sé roimhe sin arís. Caithfear fiosrúcháin a dhéanamh agus gach páiste sa cheantar a cheistiú. Cuirfear feabhas ar an scéal i mbliana a mhéid is féidir é.

Top
Share