Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Nov 1954

Vol. 147 No. 5

Written Answers. - Báid Iascaigh.

D'fhiafraí

den Aire Rialtais Aitiúil ar thug sé breithiúnas fós ar an togra chun cuidden airgead as an gCiste Forbartha Náisiúnta a chaitheamh ar scéim a réitíodh i mBrainse an Iascaigh le deich gcinn de bháid iascaigh a sholáthar d'fhoirne sa bhFíor-Ghaeltacht, arna roghnú ag an mBord Iascaigh Mhara.

Táthar tar éis breithiúnas a thabhairt ar an togra a ndéantar tagairt dó sa cheist. De dhroim an bhreithiúnais sin, féadfar airgead as an gCiste Forbartha Náisiúnta a chur ar fáil, do réir mar a bheas sé ag teastáil, chun críocha na scéime áirthe atá i gceist.

Top
Share