Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Nov 1954

Vol. 147 No. 7

Written Answers. - Caomhaint ar Bhradáin.

D'fhiafraigh

den Aire Talmhaíochta an abróidh sé an bhfuil cuntas ar bhreacacháin An Bhrainse Iascaigh nó aon Bhord Caomhnóirí Iascaigh í dtaobh socruithe faoinar ranníoc líontóirí bradán go deontach sé pingne an punt meáchain dá maraídís chun caomhaint níos fearr a sholáthar le linn scéite do bhradáin.

Níl aon chuntas i mbreacacháin an Bhrainse Iascaigh ná ins na tuarascála a fritheadh ó ná Boird Iascaigh i dtaobh socruithe den tsaghas dá dtagartar sa cheist.

Do réir tuarascála a fritheadh ó Bhord Cheantair Chorcaighe ag an am sin tuigtear gur thoiligh iascairí an cheantair sin i rith na mblian 1948, 1949, 1950, sé pingne an tiase do dheonadh don Bhord mar chabhair do na seirbhísí caomhanta.

Top
Share