Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 25 Nov 1954

Vol. 147 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Báid sa bhFíor-Ghaeltacht.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an abróidh sé, maidir leis an scéim chun báid iascaigh a sholáthar gan réamhíocaíocht sa bhFíor-Ghaeltacht, cén uair ar cuireadh an scéim ó Bhrainse an Iascaigh go dtí Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng, agus cén uair ar cuireadh as an oiflgh sin é go dtí Roinn an Taoisigh chun a ceaduithe mar scéim fheiliúnach faoin gCiste Forbartha Náisiúnta.

Cuireadh an scéim sa cheist seo ón mBrainse Iascaigh den Roinn Talmhaíochta go dtí Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng an 11 Márta, 1954, agus chuir an oifig sin faoi bhráid Roinn an Taoisigh í an 13 Márta, 1954. Um Dheireadh Fómhair na blaina seo ní raibh údarás tugtha fós chun dul ar aghaidh leis an scéim. Cuireadh faoi bhráid Roinn an Taoisigh arís ansin í, tar éis domh-sa athbhreithniú a dhéanamh uirthi. Cheadaigh an Taoiseach í an 21 Deireadh Fómhair, 1954.

Top
Share