Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 30 Mar 1955

Vol. 149 No. 7

Written Answers. - Scéim Uisce Chasla.

D'fhiafraigh

den Aire Rialtais Aitiúil an abróidh sé, maidir lena fhreagra ar cheist Uimh. 49 den 24 Márta, 1955, i dtaobh scéim uisce Chasla, céard iad na leasuithe a rinneadh ar an scéim idir 12 Meán Fómhair, 1947, agus 14 Iúil, 1953; cén dáta ar cheadaigh sé an ceann ba deireannaí de na leasuithe sin; céard iad na leasuithe go sonrach ba chúis leis an méadú costais ó £16,200 go £34,000; agus céard ba chúis leis an athrú ó abhainn Chasla go Loch na Tamhnaighe Móire ag iarraidh soláthair uisce.

Idir an dá dháta luaite leasuíodh scéim uisce Chasla mar leanas:—

(1) Cuireadh isteach—

(a) Caidéal Diesel i n-ionad udrostaidí.

(b) Brú-scagairí meicniúla i n-ionad mall-scagairí gainmhe.

(2) Méaduíodh an stáisiún caidéil chun a thuille spáis a chur ar fáil do'n bhreis-ghléasra taosctha agus scagtha.

(3) Leathnuíodh na mórphíopaí go Glaise na Caillí agus na ceanntair idirmheánaí.

Ceaduíodh na leasuithe go generálta ar an 15ú Meán Fómhair, 1950.

Tuigtear gurbh' iad na leasuithe seo agus an méadú i gcostas na bpíopaí agus ádhar eile mar aon le lucht tuillimh ba chúiseanna leis an árdú costais ó £16,200 go £34,000.

Ag éirí as agóidí áitiúla, bhí sé riachtanach ar an údarás sláintíochta imeachtaí éigeantacha do chur ar siúl chun uisce a thógaint as an abhainn Chasla ach níorbh' fhéidir glaca le na dtairiscint fé'n Acht Soláthairtí Uisce, 1942. 'Na dhiadh san mholadar scéim Loch na Tamhnaighe Móire chun soláthair uisce do chur ar fáil do'n cheanntar a bhí i gceist i Scéim Uisce Chasla agus breis uisce a sholáthair don Cheathrúin Rua.

Top
Share