den Aire Oideachais an abróidh sé cén dul chun cinn atá déanta i dtaobh scoil ghairmoideachais a bhunú ar an gCloich Bhric nó in áit eicínt eile i gConamara ó thuaidh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gairm Scoil i gConamara.
Níl aon tairiscint ós comhair mo Roinne chun scoil ghairm-oideachais a chur ar fáil ar an gCloich Bhric. Tá Corr na Móna ainmnithe mar ionad scoile i scéim forbairte Choiste Ghairm-Oideachais Chontae na Gaillimhe, ach ní féidir a rá i láthair na huaire cá fhaid go mbeidh socrú cinnte déanta 'na thaobh.
An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil Corr na Mónadh agus Corandulla i gcoimhlint lena céile le gairmscoil a fháil?
Nílim ghá rá sin. Tagrann an cheist don Chloich Bhric. Dubhairt mé nach bhfuil an Cloch Bhreac ach trí mhíle ó Chorr na Mónadh áit atá faoi bhreithiúnas ag Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe chun na críche seo.
An abróidh an tAire ar mhol sé ceann den dá áit seo le h-aghaidh scoil a bhunú innti?
Nior chuireas aon tairiscint cun an choiste.
An n-abrann an t-Aire nach bhfuil tairiscint in a oifig chun scoil a bhunú ar an gCloich Bhric?
Freagraíodh ceisteanna san Dáil mar gheall air.