Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Feb 1956

Vol. 154 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúig Phunt na Gaeilge.

D'fhiarfriugih

Seán Mac Eochagáin

den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil chúig phunt na Gaeilge íochta i leith na bpáistí uile i scoileanna Fhíor-Ghaeltacht Chonamara atá ina theideal.

Is dhá choinníoll riachtanachta den scéim chun an deontas £5 d'íoc le tuismitheoirí sa Ghaeltacht agus sa Bhreac-Ghaeltacht (i) an Ghaeilge a bheith mar theanga teallaigh na bpáistí a bhfuil an deontas sin dá iarraidh ina leith agus (ii) freastal féiltiúil ar scoil a bheith déanta ag na páistí féin le linn na scoil-bhliana. In aon chás nár híocadh an deontas go dtí seo i leith na scoil-bhliana 1954-55, is é is cúis leis nach raibh mo Roinn-sa sásta ó na foirmeacha iarratais ar an deontas go raibh an dá choinníoll sin araon nó ceann acu comhlíonta i gcás pháiste amháin nó níos mó den teaghlach. Chun an scéal a dheimhniú, tá fiosrú dá dhéanamh ag an Roinn i dtaobh na n-iarratas sin agus déanfar íocaíocht ina leith má bhíonn toradh an fhiosruithe sásúil. Tá súil ag an Roinn go mbeidh íocaíocht déanta roimh dheireadh mí na Márta i ngach cás a bhfuil sé tuillte.

Top
Share