den Aire Oideachais an dtig leis a rá go mbíonn ar iarrthóirí áirithe ar an Senior Certificate faoi Aireacht Oideachais Thuaisceart Eireann scrúdú cainte sa nGaeilge a sheasamh; agus, más rud go mbíonn, an féidir leis toradh an scrúduithe a mheas agus a rá an gcuireann sé caint na Gaeilge ar aghaidh i measc daltaí sinsearacha an oiread sin nár mhiste aithris a dhéanamh ar an nós sin abhus.
Written Answers. - Scrúdú Béil Gaeilge.
D'fhiafraí
Tuigim go mbíonn ar iarrthóirí áirithe ar an Senior Certificate faoi Aireacht Oideachais na Sé gContaethe scrúdú cainte i nGaeilge a sheasamh. Nílim i riocht toradh an scrúdaithe sin a mheas.