d'Aire na Gaeltachta an bhfuiltear leis an bhfreagracht sa Dáil i leith Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng d'aistriú chuige.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aistriú Seirbhísí na Gaeltachta.
Pádraig Mac Loingsigh
Tá an scéal á scrúdú agus táthar ag súil go dtabharfar breith air go luath.
D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an abróidh sé, mar gheall ar Sheirbhisí na Gaeltachta d'aistriú chuige, an mbeidh cúram ar a Roinn i leith límistéir is forleithne ná na toghranna ceantair atá luaite in Ordú na límistéirí Gaeltachta, 1956, agus an mbeidh na ceantair chúnga sceidealta faoina chúram freisin.
Pádraig Mac Loingsigh
Beidh, a mhéid a bhaineann obair Sheirbhísí na Gaeltachta faoi láthair le límistéirí nach bhfuil luaite san Ordú sin. Tá an dara cuid den cheist freagartha agam sa bhfeagra a thug mé don Teachta ar an gceist dheireannach.
An bhfuil sé le tuigsint ón bfreagra a fuair mé anois nach aireacht don bhFíor-Ghaeltacht atá ann chor ar bith ach aireacht i gcóir na gceanntracha cúnga sceidealta——
Ní ceist í sin.
Táim ag fiafraí den Aire an gceapann sé nach Roinn don Fhíor-Ghaeltacht áta ann ach Aireacht i gcóir na gceanntracha cúnga sceidealta. An gcuimhníonn sé go ndúairt céad Aire na Gaeltachta nach raibh aon chúram air faoi na ceanntracha nach raibh an teanga beo iontu?
Pádraig Mac Loingsigh
Níl Fíor-Ghaeltacht ná Breac-Ghaeltacht ann anois ach Gaeltacht ar fad.