Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Nov 1956

Vol. 160 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caitheachas ar Roinn na Gaeltachta.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an abróidh sé cé mhéid airgid atáthar a braith a chaitheamh ar Roinn na Gaeltachta go dtí an 31 Márta, 1957, agus céard iad na slite ina gcaithfear an t-airgead sin.

Aire na Gaeltachta (Pádraig Mac Loingsigh)

Tá an t-eolas a theastaíos ón Teachta le fáil sa mheastachán le haghaidh na Roinne a cheadaigh an Dáil ar an 25 Iúil seo caite agus sa ráiteas a rinne Aire na Gaeltachta ar an ócáid sin. Chomh fada agus a bhaineas le Ceann-Oifig na Roinne, níl éinní le cur agam leis an ráiteas sin.

Níor fhreagair an tAire an chuid deireanach den cheist. Níor dhúirt sé cad iad na scéimeanna ar a bhfuiltear ag brath an t-airgead seo a chaitheamh.

Pádraig Mac Loingsigh

Níor dhúirt mé rud ar bith faoi airgead agus deinim iarracht freagra cruinn a thabhairt ar cheist chruinn.

Níor dhúirt sé rud ar bith faoi airgead san bhfreagra ach chuir mé cheist cuige i dtaobh airgid. D'fhiafraigh mé dhe cad iad na scéimeanna go bfuiltear ag brath airgead a chaitheamh orthu.

I dtaobh an airgid atá luaite ag an Aire, ná fuil ann airgead i gcóir cúrsaí riaracháin?

Top
Share