d'Aire na Gaeltachta an abróidh sé an bhfuil sé toilteanach ceist a thionscnamh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus le Bord Soláthair an Leictreachais i dtaob leictriú na tuaithe a leathnú i gCorca Dhuibhne laistiar den Daingean.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leictriú na Tuaithe in larthar Ciarraidhe.
D'fhiafraigh
Pádraig Mac Loingsigh
Tá machnamh á dhéanamh agam le tamall ar an gceist go léir i dtaobh scéim leictriú na tuaithe a thabhairt isteach sna límistéirí Gaeltachta. Ní thig liom a rá leis an Teachta go fóill i dtaobh a ndéanfad i gcás aon chuid áirithe den Ghaeltacht ach go bhfuil fúm dul i gcomhairle le gach údarás lena mbaineann an scéal d'fhonn saoráidí an leictreachais a chur ar fáil chomh fada agus is féidir do mhuintir na Gaeltachta.