Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1956

Vol. 160 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fógraí an Gúm.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an inseoidh sé, maidir le gach foilseachán nach mbíonn ann ach Gaeilge nó ar Gaeilge is mó a bhíos ann agus (a) a mbíonn, (b) nach mbíonn, fógraí ag an nGúm ann: (i) a ainm, (ii) cá mhinicí a foilsitear é, (iii) cé mhéid cóipeanna a díoltar, (iv) cén méid atá ann agus (v) cá fhaid á fhoilsiú é.

Táim, le cead an Chinn Chomhairle, chun táible do chur ar fáil i dTuairisc Oifigiúil na nDiospóireachtaí Parlaiminte a thugann i leith foilseachán a foilsítear níos minicí ná uair sa bhliain agus a mbíonn fógraí ag an nGúm iontu an t-eolas atá dá iarraidh ag an Teachta chom fada agus atá an t-eolas san agam, agus go mbeadh sé de cheart agam é do thabhairt. Is oth liom nach bhfuil sé ar mo chumas an t-eolas atá an Teachta a iarraidh do thabhairt dó i dtaobh fhoilseachán den chineál atá i gceist agus nach mbíonn fógraí ag an nGúm iontu.

Tá an Tábla mar leanas:—

Sonraí i dtaobh Foilseachán nach mbíonn iontu ach Gaeilge agus a mbíonn fógraí ag an nGúm iontu:—

Ainm

Cá mhinicí a fhoilsítear é

Cá fhaid á foillsiú é

Gnáth-mhéid an fhoilseacháin

Inniu

Gach seachtain

14 bl.

6 leathanaigh. (7 gcolún 2''×18'' don leathanach).

Comhar

Gach mí

15 ,,

32 leathanaigh. (3 cholún 2''×8'' don leathanach).

Feasta

Gach mí

9 ,,

32 leathanaigh. (2 cholún 2''×9½'' don leathanach).

An tUltach

Gach mí

33 ,,

12 leathanaigh. (3 cholún 2½''×8½'' don leathanach).

An Gael Óg

Gach mí

19 ,,

8 leathanaigh. (3 cholún 2''×8 don leathanach).

Timire an Chroí Naofa

Gach ráithe

? ,,

Timpeall 20 leathanach. (Leathanach 4''×6'').

Deirdre

Gach sé mhí

3 ,,

32 leathanaigh. (3 cholún 2''×8'' don leathanach).

Top
Share