Tairgim:—
Go ndeónfar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun ioctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Gnothaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na h-Oifige sin (Uimh. 16 de 1924) lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair.
Cinn an Rialtas a bhí ann romhainn go mba ceart bronntanas do thairiscint don a Naomhacht an Phápa, thar cheann pobal na hÉireann, ar ochtó bliain d'aois a bheith slán aige. Socraíodh freisin gurbé an bronntanas a thabhairfí dho, Culaith Iomláin d'Éide Aifrinn, deartha agus déanta in Éirinn. hOrdaíodh an Éide sin agus tá siad beagnach réidh anois. Sé mhéid Iomlán atá ag teastáil i geóir na comhábhar agus na hEidí a dhéanamh ná £1,186. Geóbhfar £1,176 de sin as sparáil a rinneadh as mír cinn eile.