Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 Mar 1957

Vol. 161 No. 2

Committee on Finance. - Vóta 59—Comhar Eadarnáisiúnta.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun slánuithe na suime is gá chun ioctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, chun ranníoc do Chomhairle na hEorpa agus don Eagras um Chomhar Eacnamaíochta san Eorap agus d'Eagras na Náisiún Aontaithe agus chun costas eile ina dtaobh sin.

Sé aidhm an Mheastacháin Fhorlíontaigh na fiacha a ghlanadh a leanas as ranníoc $19,000 chun costais Fhórsa Eigeandála na Náisiún Aontaithe atá faoi láthair ag gníomhú sa Mheán-Oirthear.

Bhunaigh Comhdháil Ghinearálta na Náisiún Aontaithe an Fórsa Eigeandála i mi na Samhna seo caite chun deireadh a chur leis an gcogaíocht de dheasca fórsai na hIsraeile a dhul isteach ar thalamh na hÉigipte agus de dheasca gníomharthaí míleata na Breataine agus na Fraince i gcoinne na hÉigipte agus chun an sos comhraic a mhaoirsiú. Bé príomh-ghnó an Fhórsa, le linn sos cogaidh a bheith á dhaingniú, dul isteach ar thalamh na hÉigipte le cead Rialtais na hÉigipte chun cabhrú leis an síochán a choinneáil le linn na fórsai nach leis an Eigipt a bheith dá dtarraingt siar, agus ina dhiaidh sin.

Vótáil Éire ar thaobh na rún a mhol an Chomhdháil Ghinearálta an tSamhain seo caite ag bunú an Fhórsa agus ag sonrú a fheidhmeanna. Do réir breithe a thug an Rialtas, vótáil Éire chomh maith ar thaobh rúin ón gComhdháil ar an 21ú lá de Nollaig, 1956, á chinneadh go ngearrfaí an chéad £10,000,000 de chostais an Fhórsa—taobh amuigh de thuarastail. páigh, soláthairtí agus seirbhísí a chuirfeadh Baill-Rialtais ar fáil in aisge—in a ranna ar na Ball-Stáit do réir an scála a socraíodh le haghaidh ranníoc do Mheastachán Caiteachais an Eagrais don bhliain airgeadais 1957.

Dá réir sin, is ionann 0.19 per cent. nó $19,000 agus an cion den $10,000,000 a bhfuil Éire freagartach ann. Is ionann tsuim sin, nach foláir a íoc i dollaerí, agus 6,850 púnt sterling. Ina choinne sin, meastar go sábhálfar £6,840 ar an Vóta in iomlán. Dá bhrí sin is é an méid a bhfuil gá leis de réir an Mheastacháin Fhorlíontaigh, suim £10 mar chomhartha.

Cé go mb'fhéidir go mbeidh sé i gceist ar ball tuilleadh de costaisí an Fhórsa d'íoc de bhreis ar an $10,00,000 seo, níl Rialtas na hÉireann faoi aon dliteanas ina leith sin.

Cuireadh agus haontaíodh an Vota.

Top
Share