asked the Minister for the Gaeltacht whether there have been any changes since the 1st March, 1957, in the personnel of the management of Gaeltarra Éireann, either on a permanent or temporary basis; and, if so, if he will state the reason for such changes and, in particular, if they resulted from a departmental inquiry.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Management of Gaeltarra Éireann.
Tar éis Brainse na dTithe de Roinnteán Sheirbhísí na Gaeltachta d'aistriú go dtí Ceann Oifig mo Roinn-se, bhí sé riachtanach, toisc an Brainse a bheith go dtí sin faoi stiúradh díreach an Stiúrthóra Chúnta, na dualgaisí i leith na dTionscal Tuatha d'athdháileadh idir an Stiúrthóir Cúnta agus an Bainisteor. Dá réir sin, do haistríodh dualgaisí áirithe ón mBainisteoir go dtí an Stiúrthóir Cúnta. Níor chuir na hathraithe a rinneadh isteach ar ghrád ná ar thuarastal na n-oifigeach a bhí i gceist agus ní de thoradh Fiosrúcháin Roinne a rinneadh iad.