Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 May 1957

Vol. 161 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Donegal Weaving Factories.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will consider establishing a weaving factory at Urris, Clonmany, County Donegal.

Aire na Gaeltachta (Seán Ó Loingsigh)

Níl an áit a luaitear sa cheist sonraithe mar chuid den Ghaeltacht in Ordú na Límistéirí Gaeltachta, 1956, agus, ar an abhar sin, ní le mo Roinn-se a bhaineann an cheist i dtaobh muileann fíodóireachta a bhunú ann.

As Béarla anois, le do thoil.

Má iarann an Teachta an leagan Béarla, geobhaidh sé é

Pádraig Mac Loingsigh

Cá háit?

asked the Minister for the Gaeltacht what progress has been made in connection with the proposal for establishing a weaving factory at Cloghan, Brockagh, County Donegal.

Scrúdaíodh an togra seo bliain ó shoin agus cinneadh narbh fhéidir glacadh leis i gcúinsí na h-uaire. Tá beartaithe ag mo Roinn-sa cúrsaí fíodóireachta sna Gaeltachtaí uile a bhreithniú amach anseo chun a fháil amach arbh inmhianaithe mar bheartas é an tionscal mar atá sé faoi láthair i nDeisceart Conndae Dhún na nGall a leathnú agus ansin déanfar oiriúnacht an limistéir atá i gceist ag an Teachta a mheas.

An gcreideann an tAire go bhfuil na daoine ag fágáil na háite sin ina sluaite mar nach bhfuil ann ach feirmí beaga agus, mas fíor é sin, nach gcreideann sé go bhfuil gá mór leis an togra sin do ghlacadh?

Tá daoine ann go bhfuil suim acu ins an gceist seo. Ba mhaith liom a chur in a luíe ar an Teachta anois go bhfuil gach taobh den cheist seo á scrúdú ag an Roinn agus nach ndéanfar aon mhoill ina thaobh.

Cathain a bheidh an toradh ann?

Chomh luath agus is féidir.

Every avenue is being explored and every stone is being turned.

That was what was happening for the last three years.

For the last 35 years.

Top
Share