Sí an obair a bhíodh á stiúradh ag Roinnteán Sheirbhísí na Gaeltachta ná na Tionscail Tuatha, a bhfuil soláthar dóibh anois faoi fho-mhírchinn D.1. go D.8; na Tionscail Torthaí Mara, a bhfuil soláthar dóibh faoi fho-mhírcheann E; cúrsaí tithíochta faoi Achta na dTithe (Gaeltacht) a bhfuil soláthar dóibh faoi fho-mhírcheann F; agus Seirbhísí Ilghnéitheacha a bhfuil soláthar dóibh faoi fho-mhírcheann I.
Maidir leis na Tionscail Tuaithe, taispeánann D.1. go D.8. méadú sa chaiteachas uile ó iomlán de £432,500 go dtí iomlán de £445,300. Tá méadú de £5,640 sa tsoláthar faoi fho-mhírcheann D.1. le haghaidh inneallra agus baineann an chuid is mó den mhéadú le hinneallra trom a chur ar fáil don Mhuileann Sníomhacháin i gCill Chárthaigh. Tá laghdú sa tsoláthar do mhaisíní cniotála mar do ceannaíodh 67 maisíní cniotála sa bhliain seo caite agus ní bheidh gá i mbliana leis an oiread sin caiteachais. Tá méadú beag i mbliana sa tsoláthar faoi fho-mhírcheann D.2 chun ábhair déantóireachta a chur ar fáil do na tionscail agus tá méadú freisin sa tsoláthar faoi fho-mhírchinn D.4 agus D.5 a bhaineas le costas Bhreosla, Ola agus Solais agus costaisí Iompair agus Postais.
Maidir leis na fáltais a gheibhtear ó na diolacháin, taispeánann na Leithreasaí-igCabhair, R (1), méadú sa bhfáltas glan ó £352,000 go £403,000. Meastar go mbeidh fáltas iomlán de £585,500 de thoradh na ndíolachán i gcompráid le £520,000 anuraidh, agus go mbeidh £152,500 le n-íoc as an mór-fháltas sin mar pháigh na n-oibrithe i gcompráid le £137,500 sa bhliain seo caite.
Tá áthas orm a rá go bhfuil méadú leanúnach le feiscint sna díolacháin mar a léirítear sna figiúirí seo leanas de na sé bliana ó 1951-52 i leith:— £266,000; £333,000; £378,000; £462,000; £465,000 agus anuraidh £497,000. Is i dtionscal an bhréidín is mó atá an méadú seo le feiscint—ó £108,000 sa bhliain 1951-52 go £277,000 anuraidh. Sa tréimhse chéanna méadaíodh ar an bpáigh a híocadh leis na hoibrithe sa tionscal sin ó £23,000 go dtí £65,000. Den bhréidín iomlán a díoladh anuraidh díoladh luach £150,000 i dtíortha iasachta—sé sin 54% den iomlán, agus is sna Stáit Aontaithe a díoladh níos mó ná train an mhéid sin—£53,500. Tá an margadh don bhréidín in America ag dul chun cinn go tapaidh, agus tá forbairt á dhéanamh freisin ar an margadh sa Bhreatain Mhóir. Ní féidir a rá go bhfuil an scéal chomh sásúil san leis an Tionscal Cniotála ná le Tionscal na mBréagán agus caithfear aire speisialta a thabhairt dóibh siúd amach anseo chun riar ceart a chomeád ar an táirgeacht do réir mar a oirfheas do na margaí. Tá dul chun cinn le feiscint i dTionscal na Bróidnéireachta mar a méadaíodh na díolacháin faoi dhó sa chúig bhliain seo caite.
Maidir leis na Tionscail Torthaí Mara, déantar soláthar dóibh faoi fho-mhíircheann E agus tá méadú beag ar an soláthar i mbliana i gcomórtas leis an soláthar anuraidh. Clúdaítear sa tsoláthar seo ceannach agus seachadadh Slata Mara agus Feamainne eile a díoltar leis an ngnólucht, Arramara Teoranta, a bhfuil leas rialuithe ag an Stát ann. Do leagadh Cuntais an ghnóluchta seo don bhliain dar críoch an 30ú Meán Fómhair, 1956, maille le tuarascáil ar obair an ghnóluchta sa bhliain sin, ar Bhord na Dála i Mí Bealtaine seo caite.
Maidir leis na Seirbhísí Ilghnéitheacha a haistríodh ó Roinnteán Sheirbhísí na Gaeltachta agus a bhfuil soláthar dóibh faoi fho-mhírcheann I chífear go bhfuil £7,000 á chur ar fáil i mbliana do sheirbhísí tarchuir idir oileáin agus an mhórthír. Tá an t-airgead seo á sholáthar chun bád tarchuir nua a cheannach don tseirbhís idir Dhún na Séad agus Oileán Cléire.
Faoi fho-mhírcheann F déantar soláthar do na deontais a tugtar fé Achta na dTithe (Gaeltacht). Cé go raibh méadú arís ar an obair tithíochta a rinneadh faoi na hAchta i rith 1956-57, tháinig laghdú ar líon na n-iarratas a tháinig isteach i rith na bliana—925 i gcomparáid le 1131 i 1955-56—agus is cosúil mar sin go dtiocfaidh laghdú i dtoirt na hoibre i mbliana. Tá ísliú dá réir de £13,000 sa tsoláthar atá á dhéanamh do na deontais faoin bhfo-mhírcheann seo mbliana.
I rith na bliana dar chríoch 31 Márta, 1957, críochnaíodh 258 tithe nua, feabhsaíodh 293 sean-tithe, cuireadh soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais ar fáil i 76 sean-tithe agus rinneadh méadú speisialta le haghaidh cuairteoirí ar 7 tithe. Ar an 31 Márta, 1957, bhí obair ar siúl mar leanas: 644 tithe nua á dtógáil, 535 sean-tithe á bhfeabhsú, soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais á gcur ar fáil i 169 sean-tithe, agus méadú speisialta le haghaidh cuairteoirí á dhéanamh ar 41 tithe.
Tá soláthar faoi fho-mhírcheann F freisin do thithe cónaithe Oidí Scoile sa bhFíor-Ghaeltacht a thóg Roinnteán Sheirbhísí na Gaeltachta. Tá sé cinn díobh siúd ann agus tá soláthar á dhéanamh i mbliana chun uisce reatha, séarachas agus leictreachas, do réir mar is féidir, a chur ar fáil do na tithe sin chomh maith le gnáth-obair chothabhála a dhéanamh.
Maidir le fo-mhírchinn G agus H ámh, is nithe iad siúd nach ndearnadh soláthar go sonrach dóibh i meastachán aon Roinne eile go fóill. Chífear go bhfuil suim £77,000 curtha in áirithe faoi fho-mhírcheann G le haghaidh scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Táthar ar intinn deontaisí éagsúla a chur ar fáil as an airgead sin mar chabhair do na hÚdaráis Áitiúla, agus do dhreamanna iontaofa eile, a bheadh ag iarraidh saoráidí mar leanas a chur ar fáil sa Ghaeltacht:— bóithre, scéimeanna uisce-sholáthair agus séarachais, muir-oibreacha agus taitneamhachtaí ilghnéitheacha. Is é an cuspóir a bheas leis na deontaísí a tabharfar faoi fho-mhírcheann G ná tosaíocht d'áirithiú d'oibreacha a bhfuil géar-ghá leo sa nGaeltacht agus a ndéanfaí, ar an ngnáth-shlí, iad a chur siar ó thráth go chéile nó a ligean i bhfaillí ar fad. Maidir le mionbhóithre contae, mion-oibreacha mara agus scéimeanna uisce-sholáthair agus séarachais sa Ghaeltacht tá faighte amach i mórán cásanna nach leor an gnáth-chúnamh Stáit a tugtar ina leith chun a áirithiú go gcuirfear oibreacha fónta den tsórt sin i gcrích go tapaidh. Os mar sin atá, dhealródh sé nach bhfuil aon tslí inar féidir aire cheart a thabhairt do chásanna den tsórt sin ach trí chúnamh airgid a chur ar táil dóibh amhail mar a rinneadh roimhe seo trí mheán Chionroinnt na Gaeltachta den Chiste Forbartha Náisiúnta.
Maidir leis na Scéimeanna Feabhsúcháin a luaitear i bhfo-mhírcheann G, tá ceithre saghasanna ann, mar leanas—
(1) Scéim trína bhféadtaidh Roinn na Gaeltachta deontas 100% den chostas a thabhairt do na hÚdaráis Áitiúla d'fhonn feabhas a chur ar bhóithre sa Ghaeltacht a cheapfaidh an Roinn chuige sin tar éis comhairle a ghlacadh leis na hÚdaráis Áitiúla sin agus leis an Roinn Rialtais Áitiúil;
(2) Scéim trína bhféadfaidh an Roinn deontais a thabhairt do na hÚdaráis Áitiúla d'fhonn mion-scéimeanna uisce-sholáthair a chur i gcrích i límistéirí Gaeltachta. Ceapfar na hoibreacha tar éis dul i gcomhairle leis na hÚdaráis Áitiúla agus leis an Roinn Rialtais Áitiúil. Beidh deontas comhionann le 60% den chostas iníoctha i gcásanna ina mbeidh cumhacht nó córas píopaí ag gabháil leo agus deontas 50% den chostas sna cásanna eile;
(3) Scéim trína bhféadfaidh an Roinn deontais 100% den chostas a chur ar fáil i leith muir-oibreacha áirithe sa Ghaeltacht ar choinníoll go mbeidh na hÚdaráis Áitiúla a bheas i gceist sásta freagracht a ghlacadh i gcothabháil na n-oibreacha tar éis a ndéanta. Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a chuirfeadh na hoibreacha sin i gcrích de ghnáth, agus
(4) Scéim trína bhféadfaidh an Roinn deontas, ná raghaidh thar 80% den chostas de ghnáth, a thabhairt do na hÚdaráis Áitiúla, nó do chumainn nó coistí iontaofa eile, d'fhonn saoráidí ilghnéitheacha a chur ar fáil ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus ar choinníoll go mbeidh na comhluchtaí sin sásta freagracht a ghlacadh i gcothabháil na saoráidí sin tar éis iad d'fháil.
I dtaca le fo-mhírcheann H de, is chun cabhair éigin a thabhairt d'fhonn cúrsaí cultúrtha agus sóisialta a chur chun cinn sa Ghaeltacht a ceapadh an soláthar airgid sin. Táthar ar intinn deontais a chur ar fáil as le haghaidh clubanna drámaíochta, clubanna ceoil, coirmeacha ceoil, feiseanna, geallta báid, agus a leithéid.
Maidir leis na seirbhísí a haistríodh chun mo Roinne-se ón Roinn Oideachais is í an tseirbhís is mó dhíobh sin ná an Bónas do Thuismitheoirí nó Caomhnóirí Daltaí Scoile áirithe sa Ghaeltacht agus sa Bhreac-Ghaeltacht.
Faoi scéim a bunaíodh sa bhliain 1934 is iníoctha anois deontas £5, in aghaidh gach scoilbhliana, le tuismitheoirí nó le caomhnóirí áirithe sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht, i leith gach páiste leo, idir 7 agus 17 mbliana d'aois, a dhéanann freastal sásúil scoile sa scoilbhliain áirithe agus arb í an Ghaeilge teanga an tí sa bhaile aige agus, dá chomhartha sin, a labhrann í go líofa nádurtha. Is chun labhairt na Gaeilge mar theanga teaghlaigh a spreagadh agus a chothú a bunaíodh an Scéim agus níl aon amhras ná go bhfuil dea-thoradh uirthi. Timpeall 4,600 teaghlach a gheibheann an Deontas faoi láthair.
B'fhéidir nach miste tagairt a dhéanamh freisin do scéim na Scoláireachtaí saoire sa Ghaeltacht a haistríodh chun mo Roinne-se. Bunaíodh an scéim, sa bhliain 1936, chun cabhair airgid a thabhairt do choistí áitiúla le páistí áirithe ón nGalltacht a chur chun na Gaeltachta. Is iad na coistí féin atá freagarthach i ngach ní a bhaineann le stiúradh na scéime. Sa bhliain 1956, tugadh £1,194 mar chúnamh faoin scéim chun 262 pháiste a chur chun na Gaeltachta.
I dteannta an airgid atá luaite go sonrach i Meastachán na Roinne seo i mbliana, ámh, tá airgead ar fáil don Roinn as Cionroinnt na Gaeltachta den Chiste Forbartha Náisiúnta le haghaidh scéimeanna éagsúla sa Ghaeltacht. Tá suim £30,000 as an gCiste sin curtha i leataoibh le haghaidh scéimeanna poiblí uisce-sholáthair agus séarachais sa bhFíor-Ghaeltacht agus táthar ag súil leis go bhféadfar deontaisí breise suas go dtí 25% den chostas measta a thabhairt do na hÚdaráis Áitiúla i leith scéimeanna den tsórt sin a bheas á gcur i gcrích acu sa bhFíor-Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, leanfar de Scéim na mBád Iascaigh don Ghaeltacht, scéim eile a bhfuil airgead curtha ar fáil di as Cionroinnt na Gaeltachta den Chiste Forbartha Náisiúnta. Cosnaíonn na báid sin timpeall £12,000 an ceann. Tá trí cinn acu críochnaithe cheana féin. Meastar go gcríochnófar dhá cheann eile in imeacht na bliana airgeadais reatha.
Imeasc na bpostanna atá luaite go sonrach sa Mheastachán seo i mbliana tá trí postanna a cruthaíodh le déanaí le haghaidh daoine a bheas mar ionadaithe don Roinn sna príomh-Ghaeltachtaí. "Stiúrthóirí" a bheas mar ainm orthu agus beidh na dualgais seo a leanas mar chúram orthu:— cuairteanna a thabhairt ar fud a gceantracha, faoi seach, do réir mar is gá; staidéar a dhéanamh, agus tuarascála a thabhairt, ar chor na teangan agus ar chúrsaí sóisialacha agus geilleagracha; caidreamh agus comhoibriú a chothú le húdaráis oifigiúla agus le cumainn shaorálacha; comhar a bhunú agus a chur chun cinn i measc na ndaoine; cabhrú le scéimeanna Ranna Rialtais agus scéimeanna nua oiriúnacha a mholadh don Roinn; agus cabhrú le cúrsaí cultúrtha agus sóisialacha. Beidh dualgaisí troma ar na hOifigigh sin. Tá súil agam go mbeidh fáilte rómpa ar fud na Gaeltachta uile agus go dtuigfidh pobal na Gaeltachta gur ar mhaithe le caomhnú agus feabhsú na Gaeltachta a cuireadh na hOifigigh sin chucu.