Nuair a cuireadh Bille faoi bhráid na Dála chun Aireacht na Gaeltachta a chur ar bun, mhíníos an gá a bhí leis, sé sin, an teanga a choimeád beo mar ghnáth-theanga na Gaeltachta agus í a leathnú. Bíodh gur ghéill an Páirtí thall an Aireacht nua a chur ar bun, dúirt mórán acu ná raibh gá leis agus go raibh an córas oibre a bhí ann cheanna sách maith don obair a bhí le déanamh. Bíodh is gurb í sin an tuairim a bhí acu thall, ghéill siad do bhunú na hAireachta.
I mí Deireadh Fomhair seo caite, nuair a cheap mé Aire Stáit lán-aimsire d'obair na Gaeltachta, bhí cáineadh agus gearáin ag na Teachtaí thall ná raibh aon ghá le hAire lán-aimsire chun an obair a dhéanamh. Dúirt siad ná raibh gá le hAire nua a cheapadh don Rialtas le haghaidh an méid oibre a bhí le déanamh. Ag an am gcéanna labhair cuid acu go náireach i gcoinne an Teachta uasail a hainmnaíodh don phost.
Anois, tá athrú meoin ann. Tá athrú meoin tagtha ar an Rialtas seo agus ar an bPáirti thall. Dúirt an Taoiseach nach bhfuil aon ghá le haon rud a rá faoin gceapachán nua seo. Ach, ón gcaint a rinne siad agus do réir na dtuairmí a nocht roinnt Teachtaí thall ag an am sin, bheadh níos mó iontaoibhe againn anois dá mba rud é go míneodh an Taoiseach dúinn cad é an t-athru aigne atá tagtha ar an Rialtas seo chun duine sa mbreis a chur isteach sa Rialtas agus duine áirithe a ceapadh agus a chur go lán-aimsearach i mbun obair na Gaeltachta. Tá an Rialtas seo ar aon aigne anois leis na Páirtithe eile sa Dáil nuair a chuir siad duine áirithe i gceannas na hoibre sin agus nuair a thóg siad duine sa mbreis isteach san Rialtas.
Is ceart tábhacht agus méid na hoibre atá le déanamh a thuiscint Tuigeann gach aoinne gur mó í an obair atá le déanamh sa Ghaeltacht chun an teanga a choimeád beo mar ghnáth-theanga na daoine ann. Dá bhrí sin, déarfainn go mba chóir don Taoiseach an scéal a mhíniú níos fearr dúinn. Ba cheart go dtuigfeadh sé go bhfuil gach aoinne sa Tigh seo i ndáiríre chun pé rud agus gach rud is féidir a dhéanamh chun an Ghaeilge a choimeád mar ghnáth-theanga na ndaoine sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin déarfainn gur mhaith an rud é an t-athrú meoin seo atá tagtha ar an Rialtas.
Ba chóir go mbeadh iontaoibh againn as a chéile agus, sa tslí sin, dob fhéidir an obair a dhéanamh. Tá an Taoiseach ag moladh duine éigin mar Aire le haghaidh na hoibre seo agus is ar an Taoiseach agus Comhaltaí an Pháirtí thall atá an cúram sin. Is dóigh liom gur ceart a rá, de bhárr an easba eolais atá orrainn agus de bhárr na lag-iontaoibhe a bheadh, b'fhéidir, ar chuid againn, toisc nár míníodh an t-athrú meoin níos fearr dúinn, nach méadú ar an iontaoibh a bheadh againn—agus ba chóir go mbeadh sin againn—as an duine atá tofa ag an Rialtas agus ag an bPáirtí thall chun an obair seo a chur chun chinn.
Tuigeann gach aoinne gur obair dheacair í ina bhfuil mórán gnéithe le cur chun chinn. Deirim nach méadú ar an iontaoibh atá againn an duine a toghadh, bíodh agus go bhfuil an cúram sin ag an Taoiseach agus ag an bPáirti thall. Dob fhearr i bhfad go míneodh an Taoiseach don Tigh seo cad na thaobh ar shocraigh sé ar Aire lán-aimsire a cheapadh don obair seo agus Aire sa mbreis a chur isteach san Rialtas.