Tairgim leasú1:—
I leathanach 7, idir línte 9 agus 10, an méid seo a leanas a churisteach:—
(3) Féadfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an mBord rialacháin a dhéanamh i dtaobh an mhodha ar a n-úsáidfear an Ghaeilge mar ghnáth urlabhra in aon ghné de ghnó gach tionscail tuaithe agus scéime somhaoiní fostaíochta a sholáthraíonn, a sheolann, a rialaíonn agus a bhainistíonn an Bord sa Ghaeltacht.
Bhíomar ag caint cheana mar gheall air seo agus chuireas os comhair na Dála go gcuirfí leasú i bhfeidhm i dtaobh dualgas an Bhoird i leith na Gaeilge. Dúras "deimhin a dhéanamh de gurb í an Ghaeilge an ghnáththeanga ghnótha ins gach gné de ghnó gach tionscail tuaithe agus scéime somhaoiní fostaíochta." Dúirt an tAire go raibh deacrachtaí ann. Cheap mé gurb é a shíl an tAire go raibh mé ag smaoineamh ar obair taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar aon chuma, samhlaíodh dom gur thuig an tAire an gá a bhí le haire a thabhairt do cúrsaí na teanga i mease na n-oibritheoirí agus na stiúrthóirí nuair a bheas an obair ar siúl sa Ghaeltacht. D'aontaigh mé le cuid den mhéid adúirt an tAire. Do tháinig sé isteach im aigne go bhfuil deacrachtaí ann. Tá a lán oibre a cuireadh ar siúl chun leasa na Gaeltachta agus tá sé de dhualgas ar na daoine go bhfuil baint acu leis an obair leanúint le labhairt na teangan agus ní cheapaim go bhfuil ag éirí lena lán acu an obair sin a dhéanamh chomh maith agus ba chóir dóibh. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ann. Tá dualgas ar Aire na Gaeltachta féachaint isteach san obair. Do thiocfadh, dar liom, a lán tairbhe as gan an tAire bheith i gcónaí ag cur a láimhe isteach san obair.
Do cheap mé go mbeadh cumhachtaí ag an Aire sa Bhille seo sa tslí agus dá mbeadh fallí ann i labairt agus in úsáid na Gaeilge go mbeadh cumhacht aige rialacha a cheapadh, ón taithí a bheadh aige ar an obair agus an obair do riarú sa tslí curtha síos fáth go bhfuil an leasú curtha síos agam—dá dtagadh an lá go dtuigfeadh an tAire gur gá rialacha mar sin a cheapadh do thionscal faoi leith nó do na tionscail go léir go mbeadh cumhacht aige faoin Act iad a cheapadh.